Iarratais rochtana ar shonraí

Cén chaoi le hiarratas rochtana sonraí a dhéanamh

Féadtar iarratas rochtana sonraí a dhéanamh chun cóip a fháil de na sonraí pearsanta atá á gcoinneáil ag na Coimisinéirí Ioncaim i do leith :

  •  i scríbhinn
  •  nó
  •  trí riomhphoist. D'fhonn

cabhrú leat an t-iarratas a dhéanamh, comhlánaigh an fhoirm  Data access request form  agus seol ar ais é chuig Cosaint Sonraí nó dataprotection@revenue.ie.

Chun ligean dúinn d’iarratas a phróiseáil chomh tapa agus is féidir, bheadh sé ina chabhair dá ndéanfá an méid seo a leanas:

  • A mhéad eolais agus is féidir a chur ar fáil chun ligean dúinn d’fhaisnéis a aithint
  • Luaigh uimhir teileafóin lae ionas go bhféadfaidh muid teagmháil a dhéanamh leat má bhíonn aon fhiosruithe againn i ndáil le d’iarratas
  • Tabhair do thoiliú má tá duine eile chun iarratas a dhéanamh ar do shon. Mar shampla cara, gaol nó dlíodóir. Is gnách gur i bhfoirm litreach sínithe agatsa. Tugann sé seo údarú don duine scríobh chugainn le haghaidh do chuid sonraí agus ár bhfreagra a fháil.

Tabhair do d'aire

Féadfaidh sé go dteastóidh cruthúnas céannachta agus seoladh nuair atá iarratas á dhéanamh. Mar shampla, cóip de do phas nó bille fóntais.

Ar aghaidh: Cé chomh tapúil is a gheobhaidh tú freagra?