Iarratais rochtana ar shonraí

Cé chomh tapúil is a gheobhaidh tú freagra?

Déileálfaidh muid le d’iarratas go pras agus eiseoidh muid freagra chomh luath agus is féidir. Éilítear faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) go n-eiseoidh muid freagra taobh istigh de mhí amháin ón dáta a fhaightear d’iarratas.

Féadfaidh muid dhá mhí eile a chur leis an achar ama seo i gcúinsí áirithe. Cuirfidh muid ar an eolas thú, áfach, faoi aon síneadh den chineál seo taobh istigh de mhí amháin ón iarratas a bheith faighte.

Ar aghaidh: An bhféadann duine eile iarratas rochtana a dhéanamh ar do shon?