Cearta duine is ábhar do na sonraí

Ceart chun faisnéise

Faoi Ailt 13 & 14 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) tá an ceart agat chun eolas a bheith agat i leith na sonraí pearsanta leat a phróiseálann na Coimisinéirí Ioncaim, lena n-áirítear:

  • cuspóirí na próiseála
  • an bunús dlí atá leis
  • catagóirí na sonraí pearsanta a choinnítear
  • foinse bhunaidh na sonraí
  • faighteoir nó catagóirí faighteoirí do chuid sonraí
  • an t-achar ama a choinneofar iad
  • cibé acu an bhfuil do shonraí le haistriú nó beartaithe le haistriú chuig tríú tír nó chuig eagraíocht idirnáisiúnta.

Tá achoimre ar na sonraí uile in Personal data processed by Revenue agus inár bPolasaí agus sceideal i leith taifid a choinneáil.  

De rogha air sin féadtar Teagmháil a dhéanamh linn i scríbhinn nó tríd an ríomhphost chun an fhaisnéis thuas a fháil. 

Ar aghaidh: Ceart rochtain a fháil ar fhaisnéis