Cearta duine is ábhar do na sonraí

An ceart chun srian a chur ar phróiseáil

I gcúinsí áirithe, tá an ceart agat chun iarraidh go gcuirfeadh muid srian ar phróiseáil do chuid sonraí pearsanta. Tagann sé seo faoi Alt 18 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS).

Más mian leat leas a bhaint as an gceart seo, féadtar teagmháil a dhéanamh linn tríd an bpost nó tríd an ríomhphost. Ba chóir duit míniú soiléir a thabhairt ar na sonraí atá i gceist agus na cúiseanna a mheasann tú gur chóir srian a chur ar iad a phróiseáil. Ceadóidh muid an t-iarratas gan a thuilleadh moille, é sin nó míneoidh muid duit an fáth nach ndéanfaidh muid amhlaidh.

Ní fhéadtar an ceart seo a úsáid chun cur isteach ar Chroí-obair na gCoimisinéirí Ioncaim.

Dualgas i leith fógra a thabhairt

Maidir le haon duine a bhfuil do shonraí nochta againn dóibh, cuirfidh muid ar an eolas iad más rud é:

  • go gceartaíonn muid nó má dhéanann muid léirscriosadh ar do shonraí pearsanta
  • go gcuireann muid srian ar phróiseáil na sonraí sin.

Ní dhéanfaidh muid é seo más rud é:

  • go bhfuil sé dodhéanta é a dhéanamh
  • go bhfuil iarracht dhíréireach i gceist.

Féadtar iarratas a dhéanamh go gcuirfidh muid ar fáil duit sonraí faoi aon duine a bhfuil do chuid sonraí nochta againn dóibh. 

Tagann sé seo faoi Alt 19 den RGCS.

Ar aghaidh: An ceart chun iniomparthacht sonraí agus chun cur i gcoinne próiseála