Nochtaí Cosanta

Cén chaoi le nochtadh cosanta a dhéanamh do na Coimisinéirí Ioncaim

Chun nochtadh cosanta a dhéanamh le Stiúrthóir Iniúchtaí Inmheánacha na gCoimisinéirí Ioncaim, ba chóir go mbeadh an t-ábhar ina éagóir a shonraítear san Acht um Nochtadh Cosanta 2014. Ba chóir go mbainfeadh an éagóir le rialuithe cánach, dleachta nó custam, amhail neamhíoc nó tearcthuairisciú dliteanais cánach nó dleachta.

Féadtar nochtadh cosanta a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim trí:

Agus nochtadh á dhéanamh agat, molann na Coimisinéirí Ioncaim duit an oiread faisnéise sonraí fíriciúil agus is féidir a chur ar fáil. Cuirfidh sé seo ar ár gcumas measúnú cruinn agus iomlán a dhéanamh ar na sonraí a nochtar. Is féidir sonraí faoin gcineál faisnéise a chóir a chur san áireamh a fháil i treoir do 'oibrithe' ag tuarisciú faisnéis do na Coimisinéirí Ioncaim faoin Acht um Nochtadh Cosanta 2014.

Nochtaí Anaithnide

Glacann na Coimisinéirí Ioncaim le nochtaí faisnéise gan ainm. Cé nach féidir leis na Coimisinéirí Ioncaim a leithéid de thuairiscí a admháil, caitear leo ar an mbealach céanna, ó thaobh tábhachta agus measúnaithe de, mar nochtaí lena n-áirítear sonraí teagmhála pearsanta.

Is féidir nochtaí a rinneadh ar dtús ar bhonn anaithnid a athrú ag am ar bith trí d'ainm agus do shonraí teagmhála a sholáthar. Ciallaíonn sé seo, go gcuirfear raon iomlán na gcosaintí dlíthiúla ar fáil duit atá leagtha amach san Acht um Nochtadh Cosanta 2014.

Ar aghaidh: Cosaint in aghaidh pionósú