Nochtaí Cosanta

Céard is nochtadh cosanta ann?

Is téarma dlíthiúil é 'nochtadh cosanta' a thagraíonn do thuairisciú faisnéise déanta ag 'oibrí' faoi éagóir fhéideartha a tháinig chun solais san ionad oibre. Uaireanta tugtar 'sceithireacht' ar nochtadh cosanta a dhéanamh.

Áirítear le hoibrí:

  • fostaithe
  • oibrithe gníomhaireachta
  • conraitheoirí
  • oiliúnaithe
  • oibrithe deonacha
  • comhaltaí boird
  • scairshealbhóirí
  • agus
  • iarratasóirí poist.

Sa chás go bhfuil nochtadh cosanta á dhéanamh agat, ba cheart go mbeadh tuairim réasúnta agat go léiríonn an fhaisnéis atá á thuairisciú agat, gur tharla éagóir, go bhfuil sé ag tarlú, nó gur dócha go dtarlóidh sé.

Is féidir go leor cineálacha éagóra a thuairisciú faoin gcreat um nochtadh cosanta. Tá siad seo leagtha amach san Acht um Nochtadh Cosanta 2014. D'fhéadfadh na cineálacha éagóra, a bhaineann le rialuithe cánach, dleachta nó custam, a fhéadtar a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim a bheith san áireamh:

  • loiceadh cloí le dualgas dlíthiúil
  • úsáid neamhdhleathach nó míchuí cistí poiblí
  • cionta coiriúla
  • fianaise maidir le héagóir a cheilt nó a scriosadh
  • agus
  • iompar leatromach, idirdhealaitheach nó faillíoch ag comhlacht poiblí.

Ar aghaidh: Cén chaoi le nochtadh cosanta a dhéanamh do na Coimisinéirí Ioncaim