Nochtuithe cosanta
Faoin Acht um Nochtadh Cosanta, 2014, cuirtear ar chumas oibrithe ábhar imní a thabhairt chun solais maidir le héagóir fhéideartha san ionad oibre. Cinntíonn an tAcht go bhfuil cosaintí ann le bearta díoltais ina leith a chosc.
Iarrann an tAcht seo ar gach comhlacht poiblí:
- nósanna imeachta a bhunú agus a choimeád chun déileáil le nochtuithe cosanta
- agus
- faisnéis scríofa a chur ar fáil d’oibreoirí i ndáil leis na nósanna imeachta seo.
Tá na Coimisinéirí Ioncaim tiomanta do thacaíocht chuí a chur ar fáil d’aon bhall foirne a thugann ábhair imní chun solais. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach ar Pholasaí na gCoimisinéirí Ioncaim i leith Nochtadh Cosanta a thuairisciú san ionad oibre.
Is duine forordaithe faoin Acht é Stiúrthóir Iniúchtaí Inmheánacha na gCoimisinéirí Ioncaim chomh maith chun nochtuithe cosanta a fháil ar ábhair a bhaineann le measúnú, bailiú agus bainistiú cánacha agus dleachtanna agus cur i bhfeidhm rialuithe custam. Féadtar nochtuithe cosanta a thíolacadh trí ríomhphost a sheoladh chuig protecteddisclosure@revenue.ie nó tríd an bpost chuig an Stiúrthóir Iniúchtaí Inmheánacha, Bloic 8-10, Caisleán Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath 2.