Nochtaí Cosanta

Céard a tharlaíonn nuair a dhéanann tú nochtadh cosanta?

Déileáileann na Coimisinéirí Ioncaim go dáiríre le gach nochtadh agus le rúndacht iomlán. Déantar gach nochtadh a mheas go hiomlán agus, a mhéid is féidir ón bhfaisnéis a chuirtear ar fáil, déantar gníomh leantach cuí.

Is ar na Coimisinéirí Ioncaim atá an fhreagracht aghaidh a thabhairt ar aon éagóir. Ní iarrtar ort ábhair a imscrúdú tú féin chun cruthúnas a fháil i leith an amhrais agus níor chóir duit iarracht a dhéanamh tabhairt faoi sin.

Admháil

Má chuir tú do shonraí teagmhála san áireamh le do nochtadh, gheobhaidh tú admháil laistigh de 7 lá féilire. Is iad seo a leanas na heisceachtaí ina leith sin:

  1. gur iarr tú gan admháil a fháil, nó
  2. go gcreidtear go réasúnach go mbeadh baol ann d'aitheantas an duine dá dtabharfaí admháil ar an nochtadh. Mar shampla, ní sheolfar admhálacha chuig seoltaí ríomhphoist ginearálta mar info@.

Measúnú

Déanann duine ainmnithe de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim gach nochtadh a mheas, agus tá an té sin freagrach as measúnú tosaigh agus bainistíocht fhoriomlán do thuairisce.

Déanfar cinneadh ón measúnú tosaigh maidir leis an méid a leanas:

  • d'fhéadfadh sé gur tharla éagóir
  • gur comhlíonadh na critéir chun go ndéileálfaí leis an tuairisc mar nochtadh cosanta
  • agus
  • tagann an éagóir faoi raon feidhme na nithe a bhfuil Stiúrthóir Iniúchtaí Inmheánacha na gCoimisinéirí Ioncaim freagrach as.

Mura dtagann an éagóir faoi raon feidhme agus freagracht Stiúrthóir Iniúchtaí Inmheánacha na gCoimisinéirí Ioncaim, cuirfear an tuairisc ar aghaidh go slán chuig an duine forordaithe ábhartha, nó chuig Oifig an Choimisinéara um Nochtadh Cosanta, de réir mar is cuí.

Cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim in iúl duit má tharchuirtear do thuairisc ar aghaidh agus an chúis/na cúiseanna bainteach leis sin.

Má theastaíonn tuilleadh eolais uainn chun cabhrú lenár measúnú, déanfadih an duine ainmnithe teagmháil leat.

Aiseolas

Tabharfaidh na Coimisinéirí Ioncaim admháil go bhfuarthas faisnéis sa chás go gcuirtear sonraí teagmhála ar fáil le do nochtadh.

De réir Alt 851A den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997, áfach, tá dualgas dlíthiúil ar na Coimisinéirí Ioncaim rúndacht cáiníocóirí a chosaint. Ciallaíonn sé seo nach féidir leis na Coimisinéirí Ioncaim aiseolas nó nuashonruithe a chur ar fáil duit maidir le dul chun cinn nó toradh aon mheasúnaithe nó gníomh leantach a d'fhéadfadh eascairt as an bhfaisnéis a chuir tú ar fáil.

Ar aghaidh: Céard is nochtadh cosanta ann?