Bearta lamháltais sealadacha a bhí i bhfeidhm in 2020 amháin

Fostaíochtaí eachtracha – oibriú ÍMAT

Tabhair do d'aire

Tháinig deireadh leis an mbeart lamháltais seo ar an 31 Nollaig 2020. Ón 1 Eanáir 2021, iarrtar ar fhostóirí ÍMAT a chur i bhfeidhm ar na fostaíochtaí seo ar an ngnáthbhealach.

Ní dhéanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim iarracht dualgais Éireannacha phárolla a fhorfheidhmiú i leith fostóirí eachtracha sa chás go raibh an fostaí:

  • ag obair thar lear do chuideachta roimh COVID-19 ach go ndearna siad athlonnú sealadach chun an Stáit le linn na géarchéime

agus

  • go gcomhlíonann siad a gcuid dualgais go fóill agus iad sa Stát.

Ní sholáthraíonn an beart seo ach maolú sealadach ar dhualgais an fhostóra ÍMAT a chur i bhfeidhm. Ní sholáthraíonn sé aon ghéilleadh ar an mbun-dliteanas cánach ioncaim a d’fhéadfadh a bheith ag an duine aonair i ndáil leis an méid seo:

  • dliteanas cánach

nó 

  • dualgais tíolactha.

Ar aghaidh: Oibreoirí ilstáit