Bearta lamháltais sealadacha a bhí i bhfeidhm in 2020 amháin

Ordú Eisiaimh ÍMAT – Conradh Fostaíochta Éireannach

Tabhair do d'aire

Tháinig deireadh leis an mbeart lamháltais seo ar an 31 Nollaig 2020. Ón 1 Eanáir 2021, iarrtar ar fhostóirí ÍMAT a chur i bhfeidhm ar na fostaíochtaí seo ar an ngnáthbhealach.

Má tá ordú eisiaimh ÍMAT i bhfeidhm, ní bheidh tionchar diúltach ina leith sa chás go n-oibríonn an fostaí breis agus 30 lá sa Stát mar gheall ar COVID-19.

Ní sholáthraíonn an beart seo ach maolú sealadach ar dhualgais an fhostóra ÍMAT a chur i bhfeidhm. Ní sholáthraíonn sé aon ghéilleadh ar an mbun-dliteanas cánach ioncaim a d’fhéadfadh a bheith ag an duine aonair i ndáil leis an méid seo: 

  • dliteanas cánach

  • dualgais tíolactha.