Bearta lamháltais sealadacha a bhí i bhfeidhm in 2020 amháin

Oibreoirí ilstáit

Tabhair do d'aire

Tháinig deireadh leis an mbeart lamháltais ar an 31 Nollaig 2020. Ón 1 Eanáir 2021, iarrtar ar fhostóirí ÍMAT a chur i bhfeidhm ar na fostaíochtaí seo ar an ngnáthbhealach.

Féadfaidh fostóir eachtrach leanúint de phárolla Éireannach a oibriú ar bhonn phatrún oibre bunaithe fostaí neamhchónaithigh roimh COVID-19 sna cásanna seo:

  • go raibh dualgais fostaíochta eachtraigh á gcur i gcrích ag an bhfostóir neamhchónaitheach go páirteach sa Stát agus go páirteach sa dlínse eachtrach roimh COVID-19
  • go raibh cánacha párolla á ngearradh ag an bhfostóir eachtrach sa Stát agus sa dlínse eachtrach bunaithe ar an bpatrún oibre bunaithe roimh COVID-19
  • nach bhféadann an fostóir filleadh ar an dlínse eachtrach de bharr na srianta taistil atá i bhfeidhm de bharr COVID-19
  • go leanann an fostóir lena dhualgais fostaíochta a chomhlíonadh sa Stát.

Ba chóir don fhostóir agus don chuideachta taifead a choinneáil d’fhíricí agus de chúinsí na láithreachta cuí bona fide sa Stát. Féadfaidh sé go n-iarrfaidh na Coimisinéirí Ioncaim na taifid seo le léiriú go raibh an láithreacht sin mar gheall ar shrianta a bhaineann le COVID-19. 

Ar aghaidh: Ordú Eisiaimh ÍMAT – Conradh Fostaíochta Éireannach