Bearta lamháltais sealadacha a bhí i bhfeidhm in 2020 amháin

Iarratais ar dhispeansáid ÍMAT

Tabhair do d'aire

Tháinig deireadh leis an mbeart lamháltais seo ar an 31 Nollaig 2020.

Ó 1 Eanáir 2021, táthar ag súil go gcloífear leis an gnáth-thréimhse fógra 30 lá.

Féadtar cásanna eisceachtúla a chur faoi bhráid na gCoimisinéirí Ioncaim más gá.

I bhfianaise na gcúinsí nach bhfacthas roimhe seo agus na srianta taistil mar thoradh ar COVID-19, ní dhearna na Coimisinéirí Ioncaim forfheidhmiú dian ar an riachtanas go dtabharfaí fógra 30 lá i leith dispeansáidí ÍMAT.

Le haghaidh tuilleadh eolais ar dhispeansáid ÍMAT, féach Asbhaintí cánach párolla fostaithe i ndáil le fostaíochtaí neamh-Éireannacha a fheidhmíodh sa Stát.

Ar aghaidh: Rialacha cónaitheachta