Bearta lamháltais sealadacha a bhí i bhfeidhm in 2020 amháin

Rialacha cónaitheachta

Tabhair do d'aire

Ní fheidhmeofar an lamháltas 'force majeure' nuair atá an t-imeacht tar éis an 1 Meitheamh 2020. Is í an eisceacht dó seo ná má cuireadh bac ort an Stát a fhágáil ar an 1 Meitheamh 2020, nó faoin dáta sin, toisc COVID-19 a tholg.

Cúinsí 'force majeure'

Má chuirtear bac ort an Stát a fhágáil mar gheall ar COVID-19, measfaidh na Coimisinéirí Ioncaim gur ‘force majeure’ é seo a chun críocha cónaitheachta cánach.

Measfar gur cuireadh bac ar d’imeacht mar gheall ar na cúiseanna seo a leanas:

  • tá COVID-19 ort, nó go bhfuil COVID-19 ar dhuine muinteartha nó páirtnéir, atá ag taisteal leat
  • tá tú i gcoraintín, nó tá tú ag féinleithlisiú, in áit áirithe mar gheall ar COVID-19 amhrasta
  • tá tú ag féinleithlisiú, ar chomhairle cleachtóra leighis nó mar gheall ar threoir sláinte poiblí, nó go féin-fhorchurtha
  • fuair tú comhairle leighis gan taisteal a dhéanamh
  • iarrann fostóir ort gan taisteal a dhéanamh
  • cuireann rialuithe teorann, nó srianta teachta isteach i do thír dhúchais, bac ort filleadh
  • ní raibh aon eitilt tráchtála ar fáil.

Fad uasta ama a fhéadtar neamhaird a thabhairt dó

An tréimhse a fhéadtar neamhaird a thabhairt dó ná an lá i ndiaidh an dáta imeachta beartaithe bunaidh suas le cibé acu is luaithe:

  • 18 Bealtaine 2020
  • an dáta imeachta iarbhír.

Má thaisteal tú chun an Stáit idir an 24 Márta agus an 5 Bealtaine 2020, tá an tréimhse seo a dtabharfar neamhaird dó faoi réir méid uasta 30 lá. Is í an eisceacht dó seo ná má cuireadh bac ort toisc COVID-19 a tholg. Ní mór do na laethanta sa tréimhse seo a dtabharfar neamhaird dó a bheith i ndiaidh a chéile.

Má bhí níos mó ná turas amháin agat chun an Stáit le linn na tréimhse suas leis an 5 Bealtaine 2020, ní mheasfar don lamháltas seo ach na laethanta a bhaineann leis an gcéad turas. Ní cháilíonn aon lá a bhaineann leis an dara turais nó turas ina dhiaidh leis don fhaoiseamh faoin lamháltas 'force majeure' seo.

Coinníollacha eile

Ní fheidhmeofar an lamháltas 'force majeure' ach sna cásanna seo a leanas:

  • gur fhág tú an Stát a luaithe agus gó raibh tú in ann, agus gur tharla sé sin ar an 1 Meitheamh 2020, nó faoin dáta sin
  • go gcoinníonn tú do shuíomh cónaitheachta cánach eachtraigh
  • ní mór taifid i leith fíricí agus cúinsí tacaíochta a choinneáil d’fhíorú ag na Coimisinéirí Ioncaim.

Le haghaidh tuilleadh eolais, féach ar TDM 34-00-01 Provisions Relating to Residence of Individuals.

Ar aghaidh: Fostaíochtaí eachtracha – oibriú ÍMAT