Iniúchadh custam

Céard a tharlaíonn le linn an iniúchta?

Bíonn an méid seo a leanas i gceist le hiniúchadh go hiondúil:

  • Ar a dteacht do na hiniúchóirí, cuirfidh siad iad féin in aithne agus cuirfidh siad ar an eolas thú faoin bhfad a thógfaidh an t-iniúchadh.
  • Iarrfaidh na hiniúchóirí ceisteanna ort maidir le do leabharchoimeád agus faoin gcaoi a bhfeidhmíonn do ghnó.
  • Déanfaidh na hiniúchóirí do leabhair agus taifid a scrúdú, chun do thaifid a bhailíochtú i leith dearbhuithe custam.
  • Má theastaíonn ceartuithe, pléifear iad seo leat agus cuirfear ar an eolas thú i scríbhinn chomh maith.
  • Má aithnítear neamhréireanna i do chórais rialaithe, déanfaidh an t-iniúchóir achoimre ar na ceisteanna agus pléifidh siad moltaí chun iad a cheartú.

Féadann an t-iniúchóir aon doiciméid a iarraidh a bhaineann leis na dearbhuithe custam a rinne tú sna trí bliana roimhe. Is gnách, áfach, go roghnaíonn iniúchóir tréimhse iniúchta idir trí agus sé mhí laistigh den am sin. D'fhéadfadh an t-iniúchadh neamhréireanna a aimsiú. Sa chás seo, féadann an t-iniúchóir scóip an iniúchta a mhéadú chun dearbhuithe breise a chur san áireamh ar cheachtar taobh den tréimhse seo.

Ar aghaidh: Céard iad na teorainneacha ama i leith dleachtanna a íoc atá dlite le híoc agat?