Iniúchadh custam

Léargas ginearálta

Is éard is iniúchadh custam ann ná scrúdú ar chuntais agus ar thaifid eile ghnó. Fíoraítear comhlíontacht an ghnó leis an reachtaíocht chuí agus le riachtanais na gCoimisinéirí Ioncaim. Éascaíonn an dearbhú leictreonach cúrsaí d’iompórtálaithe agus d’easpórtálaithe toisc nach gcaithfear leagan páipéir de dhearbhuithe custam a thaisceadh chuig stáisiún custaim.

Glacann na Coimisinéirí Ioncaim leis go bhfuil an fhaisnéis cheart i ngach dearbhú custam a thíolactar. Toisc go dtarlaíonn dearbhuithe míchruinn, is gá do lucht iniúchóireachta rogha dearbhuithe a bhailíochtú chun comhlíontacht a dheimhniú.

Má fholaíonn do chuid gníomhaíochtaí trádála iompórtálacha, easpórtálacha, nó an dá rud, chuig trí neamh-Aontais Eorpaigh (AE) nó uaidh, féadann tú a bheith faoi réir iniúchadh custam.

Ar aghaidh: Céard a tharlaíonn má roghnaítear le haghaidh iniúchta thú?