Iniúchadh custam

Céard a tharlaíonn má roghnaítear le haghaidh iniúchta thú?

Tabharfar fógra i scríbhinn trí seachtaine ar a laghad duit go bhfuil sé de rún againn iniúchadh a dhéanamh. Seolfaidh muid sonraí chugat faoin méid seo a leanas:

  • ainm na n-oifigeach a dhéanfaidh an t-iniúchadh
  • dáta agus am an iniúchta
  • tréimhse trádála le hiniúchadh.

Tabharfaidh an t-iniúchóir liosta tosaigh uimhreacha dearbhuithe custam duit laistigh den tréimhse trádála atá le hiniúchadh. Ní mór na doiciméid tacaíochta uile a bheith agat le haghaidh na ndearbhuithe custam seo. Ní mór duit ligean d’fhoireann na gCoimisinéirí Ioncaim scrúdú a dhéanamh ar an méid seo:

  • d’áitreabh gnó
  • taifid tráchtála, bíodh siad leictreonach nó i bhfoirm eile
  • próiseas monaraithe (nuair is infheidhmithe)
  • míreanna áirithe de chuid do ghléasra nó stoc.

Ba chóir an méid seo a leanas a chur ar fáil don iniúchóir chomh maith:

  • orduithe díolachán agus ceannaigh, sonraisc agus nótaí seachadta
  • mórleabhair díolachán agus ceannaigh
  • dialanna
  • taifid stoic
  • ceadúnais iompórtála agus easpórtála
  • ceaduithe iompórtála agus easpórtála.

Ar aghaidh: Céard a tharlaíonn le linn an iniúchta?