Nua do chustaim

Léargas ginearálta

Clárú le haghaidh Custam

Má bhogann tú earraí chuig, ó nó trí thír eile taobh amuigh den Aontas Eorpach (AE), is gá duit clárú le Custaim. Féadtar é seo a dhéanamh ach Uimhir Chláraithe agus Aitheantais Oibreora Eacnamaíochta (EORI) a fháil. Féadtar féachaint ar an treoir físe seo ar an gcaoi le clárú le haghaidh EORI.

Cinntigh cé a dhéanfaidh do chuid dearbhuithe Custam a thíolacadh

Bíonn gnásanna Custam i bhfeidhm agus earraí a thrádáil lasmuigh den AE. Ciallaíonn sé seo go bhfuil ort dearbhuithe custam a thíolacadh. Cinntigh go bhfuil ná háiseanna agatsa, nó ag gníomhaire ar do shon, chun dearbhuithe custam a thaisceadh leis na Coimisinéirí Ioncaim.

Na sonraí riachtanacha chun dearbhú custam a dhéanamh

Cód tráchtearra

Braitheann an cód seo ar do tháirge sonrach. Baintear úsáid as chun na dleachtanna iompórtála a bheidh dlite le híoc agat a dheimhniú. Tá sé tábhachtach aicmiú ceart a dhéanamh ar do chuid táirgí.

Luach custam do chuid earraí

Ní mór luach custam do chuid earraí a bheith curtha isteach i do dhearbhú Custam. Is éard atá ann ná praghas an tsonraisc móide costas iompair agus árachais.

Bunús do chuid earraí

Is gá fios a bheith agat cén áit as a dtagann an táirge atá tú ag iompórtáil. Baintear úsáid as tír thionscnaimh na n-earraí chun an tsuim dhleachta atá iníoctha a dheimhniú. Ba chóir go dtabharfadh do sholáthraí an fhaisnéis seo duit.

Tá roinnt comhaontuithe saorthrádála ag an AE, féach an leathanach Tionscnamh le haghaidh eolas ar an ráta fabhrach taraife dleachta custaim ar earraí.

Tabhair do d’aire

Féadfaidh sé nach ionann an tír thionscnaimh agus an tír a bhfuil tú ag iompórtáil uaithi.

Seo roinnt de na sonraí tábhachtachta a theastóidh uait le haghaidh dearbhú Custam. Ba chóir duit a chinntiú go bhfuil tú eolach ar an bhfaisnéis eile a theastóidh uait. Féadtar teacht ar thuilleadh eolais in:

Doiciméid bhreise chun tacú le do dhearbhú

Féadfaidh sé go n-iarrfar ort aon cheann den mhéid seo a leanas a chur ar fáil, ag brath ar chineál na tháirgí:

Íocaíochtaí a dhéanamh

Nuair a bheidh do chlárúchán Custam EORI comhlánaithe agat, sannfar Uimhir Cuntais Trádálaí (TAN) duit go huathoibríoch. Is cainéal slán é seo trína bhféadtar íocaíochtaí a dhéanamh, mar shampla dleachtanna iompórtála a íoc. Féadtar tuilleadh eolais a fháil in modhanna íocaíochta.

  • Airgead tirim – Chun creidmheas a thaisceadh chuig an gcuntas seo, ní mór cistí a aistriú ó do chuntas bainc chuig cuntas bainc na gCoimisinéirí Ioncaim.
  • Iarchurtha – Le hÚdarú Íocaíochta Iarchurtha, ceadaítear duit earraí a iompórtáil i mí amháin agus ansin na táillí iompórtála a iarchur go dtí an cúigiú lá déag den mhí ina dhiaidh sin.

Tá simplithe agus nósanna imeachta breise Custam ar fáil faoi Chód Custam an Aontais (CCA). Féadfaidh siad seo cabhrú le sreabhadh éifeachtúil pras trádála a thacú.

Ar aghaidh: Earraí a iompórtáil, a easpórtáil agus a bhogadh