Taisteal ó thaobh amuigh den AE
    Liúntais saor ó dhleacht
Earraí ginearálta
Féadtar earraí a thabhairt isteach saor ó dhleacht agus ó cháin más rud é nach mó a luach iomlán in éineacht ná:
- €430, má tá tú 15 bliana d’aois nó os a chionn
 
- nó
 
- €215, má tá tú faoi 15 bliana d’aois.
 
Má tá luach earra amháin níos mó ná do liúntas, ní mór duit dleacht nó cáin a íoc ar an luach iomlán. Má tá tú ag tabhairt earraí ar ais leat a cheannaigh tú agus tú ag fágáil na hÉireann, áirítear iad seo mar chuid de do liúntas.
Alcól agus tobac
Chomh maith le do liúntas saor ó dhleacht d’earraí ginearálta, tá liúntais ann i leith táirgí alcóil agus tobac.
Liúntais tobac do dhaoine aonair ag taisteal ó thaobh amuigh den Aontas Eorpach (AE)
Táirgí tobac
- 200 toitín
 
- 100 todóigín
 
- 50 todóg
 
- nó
 
- 250g tobac chun caitheamh.
 
Féadtar na liúntais thuasluaite a chionroinnt idir na hearraí éagsúla seo ar bhonn codánach, mar shampla 100 toitín agus 50 todóigín.
De ghnáth, tá toirmeasc ar thobac neamhdheataigh béil a iompórtáil. Féadtar tuilleadh eolais a fháil in eolas ar thoirmisc agus srianta.
Liúntais alcóil do dhaoine aonair ag taisteal ó thaobh amuigh den AE
Táirgí alcóil
- 1 lítear biotáille (fuisce, jin, vodca, agus araile)
 
- nó
 
- 2 lítear de dheochanna meisciúla eile nach bhfuil níos mó ná 22% de thoirt alcóil iontu (mar shampla pórtfhíon, seiris, fíon súilíneach agus roinnt cineálacha licéar).
 
Féadtar na liúntais alcóil a chionroinnt idir na hearraí éagsúla seo ar bhonn codánach, mar shampla 0.5 lítear biotáille agus 1 lítear pórtfhíona.
Fíon agus beoir
- 4 lítear fíon (neamhcharbónaithe)
 
- 16 lítear beorach.
 
Gearrtar Dleacht Custam, Dleacht Mháil agus Cáin Bhreisluacha (CBL), más cuí, ar earraí a sháraíonn na liúntais saor ó dhleacht.
Liúntais do Criúnna
Tá liúntais laghdaithe alcóil agus tobac ann le haghaidh criúnna iompair.
Liúntais tobac do bhaill criú
Táirgí tobac
- 40 toitín
 
- 20 todóigín
 
- 10 todóg
 
- nó
 
- 50g tobac chun caitheamh.
 
Liúntais alcóil do bhaill criú
Táirgí alcóil
- 0.35 lítear biotáille (fuisce, jin, vodca, agus araile)
 
- nó
 
- 0.50 lítear de dheochanna meisciúla eile nach bhfuil níos mó ná 22% de thoirt alcóil iontu (mar shampla pórtfhíon, seiris, fíon súilíneach agus roinnt cineálacha licéar).
 
Fíon agus beoir
- 0.75 lítear fíon (neamhcharbónaithe)
 
- 4 lítear beorach.
 
      
  		Ar aghaidh: An chaoi a ríomhtar cé mhéid atá le híoc agat