Taisteal ó thaobh amuigh den AE

Rialuithe Custam ar theacht isteach ag aerfort nó calafort

Rialuithe Custam ar theacht isteach ag calafort

Má tá tú ag teacht go díreach ó thír taobh amuigh den Aontas Eorpach (AE), ní mór duit an méid seo a leanas a dhearbhú d’oifigeach Custam ag an gcalafort:

  • earraí atá sa bhreis ar do chuid liúntas pearsanta
  • earraí toirmiscthe nó srianta.

Ní mór duit d’earraí a dhearbhú sula dtéann tú thar an bhFógra Rabhaidh Custam. Ní mór do gach paisinéir a n-iarrtar air nó uirthi a n-earraí a dhearbhú dul ar aghaidh go dtí an láthair ainmnithe custam

Tabhair do d'aire

Nuair a théann tú thar an bhfógra rabhaidh Custam, tá dearbhú Custam á dhéanamh agat go bunúsach. Is cion é loiceadh earraí indleachta a chur i láthair do Chustaim.

Ba chóir cuimhneamh ar an méid a leanas agus do dhearbhú Custam á dhéanamh:
 Tada le dearbhú  Déan teagmháil le Custaim 
An bhfuil tú taobh istigh de do liúntais saor ó dhleacht? An bhfuil níos mó ná do liúntais earraí saor ó dhleacht agat?
An bhfuil tú sásta nach bhfuil d’earraí coiscthe
nó srianta?
An bhfuil earraí coiscthe nó srianta agat?
  An bhfuil aon amhras ort maidir le stádas
d’earraí?

Rialuithe Custam ar theacht isteach ag aerfort

Na chainéil ghlasa agus dhearga 

Ba chóir duit an cainéal glas nó an cainéal dearg a roghnú má thagann tú isteach:

  • go díreach ó thír taobh amuigh den Aontas Eorpach (AE)
  • ó na hOileáin Chanáracha, na hOileáin Mhuir nIocht nó Giobráltar.

Úsáid an cainéal glas má tá earraí agat:

  • atá taobh istigh de do liúntais saor ó dhleacht
  • agus
  • nach bhfuil coiscthe nó srianta.

Úsáid an cainéal dearg :

  • má tá níos mó ná do liúntais earraí saor ó dhleacht agat
  • má tá earraí coiscthe nó srianta agat
  • má tá amhras ort.

An cainéal gorm

Is áis é an cainéal gorm le haghaidh taistealaithe taobh istigh den AE ag fágáil an limistéir bailiúcháin bagáiste. Féadann Oifigigh Custam seiceálacha roghnacha a dhéanamh ar thaistealaithe, áfach, atá ag baint úsáid as an gcainéal gorm. Tá sé mar sprioc ag na seiceálacha sin dul i ngleic le smuigleáil earraí coiscthe nó srianta nó le coireanna máil.

Níor chóir duit an cainéal gorm (teachtaí ón AE) a úsáid ach amháin más rud é:

  • go bhfuil tú ag teacht isteach ó thír taobh amuigh den AE trí thír eile san AE (mar shampla, Nua Eabhrac - Frankfurt - Baile Átha Cliath)
  • agus 
  • go ndearna na Custaim imréiteach ar do bhagáiste (bagáiste láimhe agus bagáiste boilg) ag do chéad aerfort nó calafort teacht isteach san AE.

Seachas sin, úsáid an cainéal dearg nó glas.

Tríd an gcainéal glas nó dearg a roghnú, tá dearbhú custam á dhéanamh agat go bunúsach.

Tabhair do d’aire

Ní mór duit iad seo a leanas a dhearbhú d’oifigeach Custam ag an aerfort nó calafort:

- earraí atá sa bhreis ar do chuid liúntas

- earraí toirmiscthe nó srianta.

Tuilleadh eolais

Má tá tuilleadh eolais ag teastáil uait, déan teagmháil le Custaim.