Taisteal ó thaobh amuigh den AE

Earraí toirmiscthe nó srianta i mbagáiste

Ní cheadaítear earraí áirithe, agus tá roinnt eile faoi réir srianta. Má tá earraí i do sheilbh atá ar an liosta seo a leanas, ní mór duit iad a dhearbhú d’Oifigeach Custam:

  • cait agus madraí tí
  • drugaí mídhleathacha nó dainséaracha
  • earraí mígheanasacha nó gáirsiúla
  • bia-ábhair áirithe (feoil, bainne, iasc nó táirgí dá gcuid den chuid is mó)
  • táirgí speiceas i mbaol
  • nithe cosanta d’oidhreacht idirnáisiúnta
  • cógais leighis
  • airm tine, gléasanna, tinte ealaíne nó pléascáin
  • ainmhithe beo nó marbha, éisc, éin nó plandaí
  • tobac neamhdheataigh béil.

Má tá tuilleadh eolais uait, féach ar ár liosta iomlán de thoirmisc nó srianta, nó déan teagmháil le hoifigeach Custam ag aon chalafort nó aerfort

Ar aghaidh: Rialuithe Custam ar theacht isteach ag aerfort nó calafort