Taisteal ó thaobh amuigh den AE

An chaoi a ríomhtar cé mhéid atá le híoc agat

Dleacht Custam

De gnáth, is céatadán de luach an earra é an Dleacht Custam. Féadtar na rátaí a fháil sa bunachar sonraí TARIC.

Ráta caighdeánach Dleachta Custam

D'fhéadfadh sé gur féidir leas a bhaint as ráta caighdeánach 2.5% Dleacht Chustaim. Is féidir an ráta caighdeánach seo a chur i bhfeidhm ar earraí neamhthráchtála ar luach €700 nó níos lú in aghaidh an duine.  Le deimhniú go bhfuil an luach níos mó ná €700, eisiatar an méid seo a leanas:

  • an liúntas (€430 nó €215)
  • agus
  • luach na n-earraí nach bhfuil faoi réir Dleacht Custam.

Ní bhaineann an ráta caighdeánach le hearraí tráchtála ná le táirgí tobac.

Féadann daoine aonair na hearraí a imréiteach ag an ráta taraife seachas an ráta caighdeánach.

Dleacht Máil

Chomh maith le Dleacht Custam, gearrtar Dleacht Máil ar tháirgí alcóil agus tobac.

Cáin Bhreisluacha (CBL)

Tá CBL iníoctha ar iompórtálacha ag an ráta a fheidhmeofaí dá gceannófaí an t-earra in Éirinn. Is é luach na n-earraí chun an CBL a ríomh ná a luach chun críocha custam, méadaithe faoin méid de chuid aon dleachtanna eile a bhaineann leis.

Baineann rátaí CBL éagsúla le cineálacha éagsúla earraí.

Dleacht Custam agus CBL a ríomh i leith iompórtálacha neamhthráchtála i mbagáiste duine aonair

Tabhair do d'aire nach bhfuil iontu seo ach samplaí den chaoi a ríomhtar dleacht. Athraíonn rátaí dleachta ó am go ham.

Ar aghaidh: Earraí toirmiscthe nó srianta i mbagáiste