Bronntanas a fháil ó thaobh amuigh den Aontas Eorpach (AE)
Cén ráta Dleachta Custam a ghearrtar ar choinsíneachtaí bronntanais?
Mura sáraíonn luach iomlán do choinsíneacht bronntanais €700, féadtar ráta comhréidh Dleachta Custam 2.5% a chur i bhfeidhm. Baineann an ráta comhréidh seo le Dleacht Custam amháin, ní le Cáin Bhreisluacha (CBL) nó Dleacht Mháil. Agus tú ag ríomh cé acu an bhfuil an teorainn €700 sáraithe nó nach bhfuil, ba chóir na nithe seo a leanas a fhágáil as an áireamh:
- luach aon earra(í) aonair a cháilíonn faoin liúntas faoisimh bronntanais €45
- luach aon earraí nach bhfuil faoi réir Dleacht Custam
- agus
- luach táirgí tobac.
Féadann an t-iompórtálaí roghnú táillí a íoc ar na hearraí ag an ngnáthráta Dleachta Custam a chuirtear i bhfeidhm.
Má sháraíonn luach iomlán do choinsíneachta bronntanais €700, beidh ‘gnáthrátaí’ Dleachta Custam i bhfeidhm ar na hearraí éagsula sa choinsíneacht.
Tabhair do d’aire
Ní áirítear earraí a cháilíonn faoin bhforáil faoisimh bronntanais €45.
Braitheann an ráta Dleachta Custam atá i bhfeidhm ar an gcineál earraí a iompórtálann tú. Féadtar na rátaí uile a fháil in TARIC.
Féach na samplaí thíos:
- Sampla 1 - Bronntanas amháin le luach intreach €45 nó níos lú
|
Bronntanas amháin le luach intreach €45 nó níos lú
|
|
|
Luach
|
|
Cluiche cláir
|
€40.00
|
|
Láimhseáil, iompar agus árachas
|
€10.00
|
|
Luach chun críocha custam (€40 + €10)
|
€50.00
|
|
Dleacht Custam - Tá faoiseamh ó Dhleacht Custam mar luach intreach faoi bhun €45
|
€0.00
|
|
Luach chun críocha CBL
|
€50.00
|
|
CBL - Faoiseamh bronntanais ó CBL mar go bhfuil luach intreach faoi bhun €45
|
€0.00
|
|
Muirir iomlána iompórtála
|
€0.00
|
- Sampla 2 - Bronntanas amháin le luach intreach os cionn €45
|
Bronntanas amháin le luach intreach os cionn €45 sa chás nach bhfuil faoiseamh bronntanais i bhfeidhm.
|
|
|
Luach
|
|
T-léine do dhuine fásta
|
€50.00
|
|
Láimhseáil, iompar agus árachas
|
€33.00
|
|
Luach chun críocha custam (€50 + €33)
|
€83.00
|
|
Dleacht Custam (ráta 6%)
|
€4.98
|
|
Luach chun críocha CBL (€83 + €4.98)
|
€87.98
|
|
CBL (23% de €87.98)
|
€20.24
|
|
Iomlán na muirear iompórtála (€4.98 + €20.24)
|
€25.22
|
|
Táille riaracháin an chúiréara nó oibreora poist
|
€10.00*
|
*Is táille riaracháin é seo a chuireann cúiréirí agus oibritheoirí poist i bhfeidhm. Ní chuirtear an táille seo san áireamh sa luach Custam nuair a ríomhtar muirir iompórtála. Tá an méid a luaitear anseo chun críocha léirithe.
- Sampla 3 - Earraí iomadúla le luach intreach iomlán os cionn €45
|
Earraí iomadúla le luach intreach iomlán os cionn €45 le Dleacht Custam agus CBL
|
|
|
Luach
|
|
Féilire (tá feidhm ag faoiseamh bronntanais)
|
€35.00
|
|
Bosca seacláidí (tá feidhm ag faoiseamh bronntanais)
|
€10.00
|
|
Béirín (níl feidhm ag faoiseamh bronntanais)
|
€15.00
|
|
Costais iompair (€30/3 = €10 in aghaidh an earra)
|
€30.00
|
|
Dleacht Custam (12%) arna ríomh de réir €15 + €10 iompar (1/3 de €30) = €25
|
€3.00
|
|
Luach chun críocha CBL (€90 + €3)
|
€93.00
|
|
CBL (23% de €93)
|
€21.39
|
|
Iomlán na muirear iompórtála (€3 + €21.39)
|
€24.39
|
|
Táille riaracháin an chúiréara nó oibreora poist
|
€10.00*
|
*Is táille riaracháin é seo a chuireann cúiréirí agus oibritheoirí poist i bhfeidhm. Ní chuirtear an táille seo san áireamh sa luach Custam nuair a ríomhtar muirir iompórtála. Tá an méid a luaitear anseo chun críocha léirithe.
Ar aghaidh: Nós imeachta ag tráth na hiompórtála