Bronntanas a fháil nó earraí a iompórtáil ar luach nach mó ná 150 euro

Rialacha maidir le faoiseamh ó dhleacht ar choinsíneachtaí bronntanais

Féadtar bronntanas a fháil gan Dleacht Custam agus Cáin Bhreisluacha (CBL) a íoc:

  • má tá luach €45 nó níos lú ar an mbronntanas (lena n-áirítear árachas, last-táille agus costais phoist)
  • má tá an bronntanas dearbhaithe i gceart
  • má sheol duine príobháideach lasmuigh den Aontas Eorpach (AE) an bronntanas chuig duine príobháideach laistigh den AE
  • má tá an bronntanas le haghaidh úsáid phearsanta, nó clainne, duine phríobháidigh san AE
  • mura bhfuil aon ghné tráchtála nó trádála i gceist, is é sin le rá, nár íoc an faighteoir as na hearraí
  • má tá an bronntanas ceangailte le hócáid ar leith mar shampla bronntanas do lá breithe nó comóradh bliana.

Féadfaidh sé go bhfuil sa bhronntanas dhá earra nó níos mó le comhluach atá níos mó ná €45. Sna cásanna sin tugtar faoiseamh ar an méid sin nach sáraíonn a gcomhluach de na hearraí €45. Mar shampla, má fhaigheann tú bronntanas le trí hearra ann ar luach €20 an ceann, ní bhaineann an faoiseamh ach ar dhá cheann de na hearraí. Ní fhéadtar luach earra amháin a scoilt.

Tabhair do d'aire

Níl bronntanais d’alcóil, táirgí tobac, cumhráin nó uiscí maisíochta díolmhaithe ó CBLDleacht Mháil. Féadfaidh sé go bhfuil siad díolmhaithe ó Dhleacht Custam, ach ní mór dóibh a bheith taobh istigh de na liúntais (féach thíos).

Má fhaigheann tú bronntanas de dhá earra nó níos mó le comhluach atá níos mó ná €45, tugtar faoiseamh ar an méid sin nach sáraíonn a gcomhluach de na hearraí €45. Mar shampla, má fhaigheann tú bronntanas le trí hearra ann ar luach €20 an ceann, níl tú i dteideal faoiseamh a fháil ach ar dhá cheann de na hearraí. Ní fhéadtar luach earra amháin a scoilt.

Is iad seo a leanas liúntais faoisimh bronntanais le haghaidh táirgí tobac, táirgí alcóil, agus cumhráin agus uiscí maisíochta (Dleacht Custam amháin):

Táirgí Tobac:

  • 50 toitín
  • 25 todóigín (todóga le meáchan aonair de 3 gm ar a mhéad)
  • 10 todóg
  • 50 gm de thobac
  • roghnúchán comhréireach de na hearraí éagsúla.

Táirgí Alcóil:

  • 1 lítear de dheochanna driogtha agus biotáille os cionn toirt 22%
  • 1 lítear d’fhíon treisithe nó súilíneach, agus roinnt licéir de thoirt 22% nó níos lú
  • agus
  • 2 lítear d’fhíon gan súilíní.

Cumhrán agus uiscí maisíochta:

  • 50 gm de chumhrán
  • 0.25 lítear d’uisce maisíochta.

Ar aghaidh: Cén ráta Dleachta Custam a ghearrtar ar choinsíneachtaí bronntanais?