Bronntanas a fháil nó earraí a iompórtáil ar luach nach mó ná 150 euro

Nós imeachta ag tráth na hiompórtála

Bronntanais

Nuair atá bronntanas ó thaobh amuigh den Aontas Eorpach (AE) á sheoladh chugat, ní mór don duine atá ag seoladh an bronntanas an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • eolas maidir leis an mbronntanas a chur ar fáil don tseirbhís poist nó don chúiréir atá ag láimhseáil do phacáiste. Ba chóir go mbeadh an méid seo a leanas san eolas seo faoin mbronntanas:
    • cur síos cruinn
    • cód tráchtearra
    • agus
    • an luach.
  • marcáil an pacáiste ‘Gift’ nó ‘Present’. 

Féadann an tseirbhís cúiréireachta nó poist a dhéileálann le do phacáiste an fhaisnéis seo a úsáid chun dearbhú custaim leictreonach a chomhlánú ag úsáid Chóras Iompórtála Uathoibríoch (CIU) nua na gCoimisinéirí Ioncaim a úsáid.

Ba chóir dóibh an méid seo a leanas a bheith ar an dearbhú custaim seo:

  • na hearraí a dhearbhú mar bhronntanas
  • agus
  • na cóid seo a leanas a chur isteach in D/E 1/11 den dearbhú:
    • Cód C08 chun an faoiseamh ó Dhleacht Custam agus Cáin Bhreisluacha (CBL) a éileamh i ndáil le bronntanais nach mó ná €45 ar luach iad.
    • Cód 1C1 chun cur isteach ar an ráta comhréidh dleachta ar earraí indleachta nach sáraíonn luach €700.

Earraí ar luach íseal

Ní mór do seoltóir na n-earraí an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • eolas maidir leis an mbronntanas a chur ar fáil don tseirbhís poist nó don chúiréir atá ag láimhseáil do phacáiste. Ba chóir go mbeadh an méid seo a leanas san eolas seo faoi na hearraí:
    • cur síos cruinn
    • cód tráchtearra
    • agus
    • an luach.
  •  marcáil an pacáiste ‘Negligible value’. 

Féadann an tseirbhís cúiréireachta nó poist a dhéileálann le do phacáiste an fhaisnéis seo a úsáid chun dearbhú custaim leictreonach a chomhlánú ag úsáid Chóras Iompórtála Uathoibríoch (CIU). nua na gCoimisinéirí Ioncaim a úsáid.

Ba chóir dóibh an méid seo a leanas a bheith ar an dearbhú custaim seo:

  • na hearraí a dhearbhú mar choinsíneacht de luach neamhbhríoch (luach earraí faoi bhun €150)
  • agus
  • an cód C07 a chur in D/E 1/11 den dearbhú.

Má tá cabhair uait chun an dleacht agus an cháin a d’fhéadfadh a bheith ort a íoc ar na hearraí a iompórtálann tú a ríomh, féach Earraí a cheannach ar líne ó thaobh amuigh den AE.

Tuilleadh eolais

Má tá tuilleadh eolais ag teastáil uait, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an Aonad Ríomhthráchtála.