Treoir maidir leis an gcóras Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT)
Stádas fostaíochta duine aonair a chinneadh
Tá difríocht dhlíthiúil ann idir conradh fostaíochta (ar a dtugtar 'conradh seirbhíse') agus conradh i gcomhair seirbhísí. Baineann conradh fostaíochta le caidreamh idir fostaí agus fostóir. Bíonn conradh i gcomhair seirbhísí i bhfeidhm áit a bhfuil conraitheoir neamhspleách nó féinfhostaithe i gceist.
Conas stádas fostaíochta a chinneadh
Leagtar amach i mbreithiúnas na Cúirte Uachtaraí i gcás Karshan creat cinnteoireachta cúig chéim chun an stádas fostaíochta atá ag duine aonair a chinneadh chun críocha cánachais. Ba chóir do ghnóthaí a fhostaíonn oibrithe an creat cinnteoireachta cúig chéim seo a úsáid chun an cineál conartha a chinneadh:
- conradh seirbhíse (is fostaí é an t-oibrí)
- nó
- conradh i gcomhair seirbhísí (tá an t-oibrí féinfhostaithe)
Sa Tax and Duty Manual Part 05-01-30, mínítear an creat cinnteoireachta agus cad is brí leis an mbreithiúnas do ghnóthaí.
An creat cinnteoireachta cúig chéim
Cabhróidh na cúig cheist seo a leanas le gnó cinneadh a dhéanamh faoi cén cineál conartha atá i gceist, "seirbhís conartha" nó "conradh i gcomhair seirbhísí":
- An bhfuil malartú pá nó aon íocaíocht eile as obair i gceist leis an gconradh?
- Ar aontaigh an t-oibrí a gcuid seirbhísí a chur ar fáil go pearsanta agus an féidir leo a gcuid oibre a chur amach ar fhochonradh?
- An rialaíonn an gnó cad, conas, cathain agus, nó cén áit a ndéantar an obair?
Má d'fhreagair tú "níl", "níor aontaigh", nó "ní rialaíonn" ar aon cheann de na ceisteanna thuas, mheasfaí go bhfuil an t-oibrí féinfhostaithe, faoi réir cheist 5. Má d'fhreagair tú "tá", "d’aontaigh", nó "rialaíonn" ar na trí cheist, ba chóir duit dul ar aghaidh chuig ceisteanna 4 agus 5.
- Cad a thugann na fíricí agus na cúinsí le fios faoi nádúr an chaidrimh idir an gnó agus an t-oibrí? An léiríonn na socruithe go bhfuil an t-oibrí ag soláthar seirbhísí ar a gconlán féin nó mar fhostaí?
- An bhfuil aon reachtaíocht ann a d'athródh na freagraí maidir le haon cheann de na ceisteanna thuas? Mar shampla, foráiltear le hAlt 112 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997, gur fostaithe iad sealbhóirí oifige i gcónaí chun críocha cánachais.
Féadtar tuilleadh treorach a fháil maidir le conas an creat cúig chéim a chur i bhfeidhm sa Tax and Duty Manual Part 05-01-30.
Ba chóir do gach gnólacht athbhreithniú a dhéanamh ar na socruithe lena n-oibrithe chun a stádas fostaíochta a chinneadh, mar thoradh ar an mbreithiúnas. Caithfear anois le roinnt oibrithe ar caitheadh leo roimhe seo mar oibrithe féinfhostaithe, mar fhostaithe chun críocha cánach. Dóibh siúd a athrangaítear mar fhostaithe chun críocha cánach, beidh dualgas ar an ngnó Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT) a oibriú.
An Cód Cleachtais maidir le stádas fostaíochta a chinneadh
Is cód comhpháirteach é an Code of Practice on determinig employment status maidir le stádas fostaíochta a chinneadh (an Cód) idir:
Rinneadh athbhreithniú agus nuashonrú ar an gCód i mí na Samhna 2024 tar éis bhreithiúnas na Cúirte Uachtaraí i gcás Karshan.
Ar aghaidh: Féilire Cánach Ioncaim