Treoir maidir le Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT)

Clárú mar fhostóir

Ní mór duit clárú mar fhostóir leis na Coimisinéirí Ioncaim má fhostaíonn tú fostaithe. Ní mór duit d'ainm agus do sheoladh a chur in iúl do na Coimisinéirí Ioncaim agus go bhfuil sé ar intinn agat fostaithe a íoc.

Ba chóir duit é seo a dhéanamh trí M'Fhiosruithe ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) sula ndéantar aon íocaíochtaí le fostaí.

Chun tuilleadh sonraí a fháil maidir le conas clárú mar fhostóir, féach Clárú fostóirí le haghaidh Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT).

Ar aghaidh: Féilire Cánach Ioncaim