Scaireanna comhlachta

Féadtar scaireanna comhlachta a thabhairt d’fhostaí, ar ceachtar den mhéid seo iad:

Tá rialacha éagsúla ann do scaireanna agus scair-roghanna. Is sochar comhchineáil iad na dámhachtainí scaireanna díreacha seo. Tá na scaireanna seo inmhuirir faoin gcóras Íoca Mar a Thuillir (ÍMAT) don mhéid seo:

Ní bhaineann ÁSPC Fostóra le luach saothair scairbhunaithe.

Ní mór duit luach airgid thirim na scaireanna a chur san áireamh nuair atá do thíolacthaí párolla sa tréimhse inar bronnadh iad á gcomhlánú agat.

Tugann scéimeanna arna gceadú ag na Coimisinéirí Ioncaim ar nós Scéimeanna Brabús-Roinnte Ceadaithe (SBRC), Iontaobhais Scairúinéireachta d'Fhostaithe (ESOT) agus scéimeanna Sábháil Mar a Thuillir (SMAT) díolúintí áirithe TF.

Féadtar tuilleadh eolais a fháil in Scaireanna d’fhostaithe.

Luach an tsochair

Is é luach an tsochair ná:

  • luach margaidh na scaireanna ar an dáta a bronntar iad
  •  luach na lascaine. (An difríocht idir luach margaidh na scaireanna nuair a cheannaítear agus an tsuim a íoctar).