Sócmhainní nó seirbhísí slándála, agus árachas slánaíochta
Féadfaidh sé go bhfuil bagairt tromchúiseach agus inchreidte ann do fhostaí de bharr a bhfostaíocht. Sa chás seo, féadfaidh fostóir roghnú sócmhainní slándála nó seirbhís slándála a íoc leis an bhfostaí. Ní sochair chomhchineáil inchánacha iad na híocaíochtaí seo.
Folaíonn sócmhainní slándála trealamh nó struchtúir (amhail aláraim, ceamaraí slándála agus geataí slándála). Ní fholaíonn sé seo aon chineál feithicle, tí chónaithe nó talaimh.
Níl an díolúine ó shochar comhchineáil i bhfeidhm i gcás bearta slándála a ghlactar in aghaidh an mhéid seo:
- bagairtí coiriúla ginearálta a bhíonn roimh gach saoránach
- bagairtí ginearálta ar mhaoin an fhostaí ó bhuirgléireacht nó gadaíocht
- nó
- bagairtí atá ar leithligh ó obair an fhostaí.
Árachas slánaíochta
Féadfaidh sé go n-íocann an fostóir árachas slánaíochta chun clúdach a chur ar fáil dá bhfostaithe nó stiúrthóirí. Braitheann cánachas na híocaíochta seo ar cé dó a dtugann an polasaí clúdach. Féadann polasaithe clúdach a chur ar fáil don mhéid seo:
- clúdach do fhostaí nó stiúrthóir go pearsanta (d’íocfaí fáltais ón bpolasaí go díreach leis an bhfostaí nó stiúrthóir)
- nó
- clúdach don ghnólacht (d’íocfaí fáltais ón bpolasaí leis an gnólacht).
Tugann an polasaí clúdach le haghaidh an fhostaí nó an stiúrthóra go pearsanta
Sa chás go dtugann an polasaí clúdach le haghaidh an stiúrthóra nó an fhostaí go pearsanta, is sochar comhchineáil inchánach iad na costais árachais a thabhaíonn an fostóir. Tá an fostaí nó an stiúrthóir inmhuirir i leith an tsochair faoin gcóras Íoc Mar A Thuillir (ÍMAT) maidir le:
Sa chás go dtugann an polasaí clúdach don ghnólacht, ní sochar comhchineáil don fhostaí iad na costais árachais a thabhaíonn an fostóir.