Úsáid áiseanna (spóirt, áineasa, cúraim leanaí agus páirceáil carranna)

Páirceáil carranna

Sa chás go gcuireann fostóirí áiseanna páirceála carranna ar fáil d'fhostaithe, ní chaitear leis seo mar shochar comhchineáil (SC) inchánach. Mar sin féin, sa chás go n-aisíocann fostóirí táillí páirceála le fostaithe, is gnách go gcaitear leis sin mar shochar inchánach. Ní mór d'fhostaithe a fhaigheann aisíocaíocht dá leithéid Cáin Ioncaim, Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC) agus an Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU) a íoc ar an sochar sin.

Tabhair do d'aire

Is féidir le fostóirí táillí páirceála dearbhaithe fostaí a aisíoc gan cáin a asbhaint sa chás go bhfuil fostaí ar thuras gnó. Féach Alt 2.1 den  Tax and Duty Manual Part 05-01-06 chun tuilleadh eolais a fháil maidir le turais gnó.