Úsáid áiseanna (spóirt, áineasa, cúraim leanaí agus páirceáil carranna)

Áiseanna spóirt agus áineasa

Is féidir le fostóirí áiseanna spóirt agus áineasa a chur ar fáil ag an obair d’fhostaithe.

Áiseanna a sholáthraítear ar d’áitreabh

Má tá na háiseanna ar fáil do na fostaithe uile, ní sochar comhchineáil (SC) é seo.

Mura bhfuil na háiseanna ar fáil ach amháin d’fhostaithe áirithe, is SC é seo. Tá fostaithe a bhfuil na háiseanna seo ar fáil le húsáid acu inmhuirir i leith an sochar faoin gcóras Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT) maidir le: 

Ríomh an tsochair incháinithe

Chun luach an tsochair a ríomh, ba chóir costas na n-áiseanna a chuirter ar fáil a roinnt idir na fostaithe atá ceadaithe iad a úsáid. Níor chóir d'fhostóirí táille a ghearradh ar fhostaithe nach dteastaíonn na háiseanna a chuirtear ar fáil uathu, agus nach n-úsáideann iad.

Ballraíocht chorparáideach íoctha ag an bhfostóir

Féadfaidh sé go n-íocann fostóir síntiús corparáideach le haghaidh áiseanna spóirt nó áineasa d’fhostaithe, is sochar inchánach é seo. Ní mór d'fhostaithe Cáin Ioncaim, ÁSPC agus MSU a íoc i leith an tsochair seo.

An sochar inchánach a ríomh

Chun luach an tsochair a ríomh, ba chóir an costas a d'íoc fostóirí a roinnt go cothrom idir na fostaithe a bhfuil ballraíocht íoctha dóibh.

Le haghaidh tuilleadh eolais , féach Alt 25 den Tax and Duty Manual Part 05-01-01L.

Ar aghaidh: Áiseanna naíolainne agus cúraim leanaí