Úsáid áiseanna (spóirt, áineasa, cúraim leanaí agus páirceáil carranna)

Áiseanna naíolainne agus cúraim leanaí

Féadfaidh fostóirí cúram leanaí a sholáthar d'fhostaithe, nó ranníocaíocht a dhéanamh ina leith.

Áiseanna curtha ar fáil ag fostóir

Má chuireann fostóirí áiseanna cúraim leanaí saor ó tháille nó fóirdheonaithe ar fáil d’fhostaithe, is sochar comhchineáil (SC) é seo. Tá na fostaithe a úsáideann na háiseanna seo inmhuirir i leith an tsochair faoin gcóras Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT) chun:

Ríomh an tsochair incháinithe

Is é luach an tsochair chun críocha cánach ná an costas a bhaineann leis an áis a sholáthar, lena n-áirítear árachas, cothabháil agus a leithéid. Cuimsítear leis freisin an costas a bhaineann le seirbhísí cúraim leanaí a sholáthar amhail tuarastail agus costais eile.

Sa chás go n-úsáideann níos mó ná fostaí amháin an áis, ba chóir luach an SC a chionroinnt. Ba chóir don chionroinnt seo a bheith bunaithe ar líon na leanaí atá ag gach fostaí san áis. 

Áiseanna neamhspleácha

Má íocann fostóirí, nó má thugann tú fóirdheontas le haghaidh costais naíolainne neamhspleáiche nó áise cúraim leanaí d’fhostaithe, is SC é seo. Ní mór do na fostaithe a úsáideann an áis Cáin Ioncaim, ÁSPC agus MSU a íoc i leith an tsochair seo.

Má dhéanann fostóirí bloc-íocaíocht le naíolann nó le háis cúraim leanaí, is SC é seo. Ní mór do na fostaithe a úsáideann an áis Cáin Ioncaim, ÁSPC agus MSU a íoc i leith an tsochair seo.

Ríomh an tsochair incháinithe

Sa chás go n-úsáideann níos mó ná fostaí amháin an áis, ba chóir luach an SC a chionroinnt. Ba chóir don chionroinnt seo a bheith bunaithe ar líon na leanaí atá ag gach fostaí san áis. 

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Alt 5 den Tax and Duty Manual Part 05-01-01L.

Ar aghaidh: Páirceáil carranna