Fostaíocht a thosú nó a fhágáil (P45)

Léargas ginearálta

Tabhair do d’aire

Baineann an t-eolas ar an leathanach seo le fostaíochtaí a scoireadh ar 31 Nollaig 2018 nó roimhe.

Ní iarrtar ort P45 a eisiúint i gcás fostaíochtaí a scoirtear tar éis 31 Nollaig 2018. Le heolas a fháil ar riachtanais reatha, féach ar Dualgais fostóra ó 1 Eanáir 2019.

Ní mór P45 a chomhlánú sa chás:

  • gur fhágann d’fhostaí d’fhostaíocht
  • go dtugtar sos gairme d’fhostaí
  • go bhfaigheann fostaí bás le linn dóibh a bheith fostaithe agat.

Ní mór ach P45 amháin a eisigh chuig d’fhostaí nuair a fhágann siad. Níor chóir duit cóipeanna den P45 a thabhairt don fhostaí. Má chailleann siad an P45, féadfaidh tú litir a thabhairt dóibh ag léiriú an eolais go léir atá ar an P45. Má fhaigheann fostaí bás le linn dóibh a bheith fostaithe agat ba chóir duit na ceithre chuid den P45 a sheoladh chuig na Coimisinéirí Ioncaim.

Féadfaidh tú íocaíocht bhreise a thabhairt don fhostaí nach raibh ináirithe ar an P45. Má thugann, ní mór duit Foirm forlíontach P45 a chomhlánú maidir le aon íocaíochtaí déanta ar, nó roimh 31 Nollaig 2018. Níl aon gá aon íocaíocht a chuir tú ar an mbunchóip den P45 a chur san áireamh ar an P45 forlíontach.

Ar aghaidh: Rannán na sonraí ginearálta ar an P45 a chomhlánú