Cáin Chláraithe Feithiclí (CCF)

Innealra a chlárú

Ní gá meaisíní soghluaiste áirithe a chlárú. Folaíonn siad seo feithiclí soghluaiste:

  • nach mbreathnaítear orthu mar mhodh iompair le haghaidh earraí nó paisinéirí
  • agus
  • nach bhfuil bunaithe ar ghnáthfhonnadh trucaile.

Seo a leanas roinnt samplaí:

  • rollóirí bóthair
  • plánóirí bóthair
  • pábhóirí bóthair
  • lódairí cúlghrafóige
  • innill tochailte
  • craenacha soghluaiste móra
  • ardán rochtana soghluaiste féinghluaiste (cliabhán ardaithe – gan a bheith suite ar fheithicil).

Innealra nach mór a chlárú

Aon fheithiclí a ndéantar cur síos orthu mar innealra soghluaiste ach atá suite ar fhonnadh trucaile thraidisiúnta, teastaíonn iad a chlárú. Má bhaineann Deimhniú Comhréireachta le feithicil, beidh sí faoi réir cineálcheadú an Aontais Eorpaigh. Ní mór aon fheithicil atá faoi réir cineálcheadú an Aontais Eorpaigh a chlárú. Tá feidhm ag an ngnáth nós imeachta um chlárúchán .

Ba chóir teagmháil a dhéanamh leis an Údarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann (ÚCNÉ) mura bhfuil Deimhniú Comhréireachta ar fáil ón déantóir bunaidh.

Clárúchán Lámháltais innealra shoghluaiste féinghluaiste

Aon innealra soghluaiste féinghluaiste nach gá a chlárú, féadtar iad a chlárú de bhun lamháltais. Go ginearálta leanann iarratas clárúcháin ar inneall soghluaiste an gnáth-nós imeachta um chlárú. Ní bheidh Deimhniú Comhréireachta ar fáil, áfach.

Más inneall nua an t-inneall soghluaiste, ní mór an méid seo a leanas a bheith san áireamh leis an iarratas clárúcháin:

  • Dearbhú Comhréireachta faoi Treoir um Innealra
  • agus
  • dearbhú ón déantóir nó dáileoir go gcloíonn an t-inneall le riachtanais na Rialachán um Thrácht ar Bhóithre.

Ní mór go gcloíonn innealra soghluaiste leis na rialacháin seo a leanas:

Má thagann an meaisín faoi scóip na Treorach um Innealra Soghluaiste Neamhbhóthair, ní mór an Dearbhú Comhréireachta ábhartha maidir leis na hastaíochtaí a bheith aige.

Má úsáideadh an fheithicil, ach murar cláraíodh í, beidh na doiciméid leagtha amach thuas ag teastáil. Sannfar innéacs bliana bunaithe ar an dáta céadiontrála úsáide.

Má úsáideadh í, agus má cláraíodh roimhe seo í, teastaíonn an doiciméad clárúcháin eachtrach.

Innealra soghluaiste féinghluaiste a thaispeáint

Is gá innealra soghluaiste a thabhairt chuig an gcoinne ag an Ionad an SNTC, seachas sna cásanna seo a leanas:

  • gach innealra soghluaiste os cionn 5 thonna
  • craenacha soghluaiste
  • ollscartairí
  • dumpairí
  • innealra tógála.

Deimhnigh nach gá an fheithicil a chur i láthair go fisiciúil ag an ionad agus coinne á dhéanamh.

Ní mór grianghraif den mhír innealra áirithe, lena n-áirítear an uimhir aitheantais feithicle (VIN), a sholáthar.