Cáin ar phinsin

Cáin ar phinsin árachais shóisialaigh ón nGearmáin

Tá dhá Mheabhrán Tuisceana curtha i gcrích ag Éırinn agus ag an nGearmáin. Baineann siad seo le cur i bhfeidhm fhorálacha ábhartha an Chomhaontaithe um Chánachas Dúbailte Éire - an Ghearmáin 2011.

Braithfidh an chaoi a ngearrtar cáin ar do phinsean árachais shóisialaigh ón nGearmáin ar cén uair a thosaigh tú ag fáil na n-íocaíochtaí in Éirinn.

Íocaíochtaí a fuarthas roimh an 28 Samhain 2012

Féadfaidh tú roghnú go leanfar ag gearradh cánach ar an ioncam seo in Éirinn má:

  • tá siad cónaitheach in Éirinn
  • agus
  • go bhfuair tú na híocaíochtaí roimh an 28 Samhain 2012.

Ní mór an rogha seo a dhéanamh trí iarratas ar Nós Imeachta um Chomhaontú Frithpháirteach (“MAP”) a dhéanamh ag úsáid Foirm MAP1.

Mura ndéanann tú rogha, tá sé de cheart ag an nGearmáin cáin a ghearradh ar na híocaíochtaí seo. Braitheann an cinneadh chun an rogha seo a úsáid nó gan é a úsáid ar do sheasamh cánach.

Tabhair do d’aire

Ní fhéadann údaráis na hÉireann agus na Gearmáine comhairle cánach aonair a thabhairt i dtaobh ar chóir duit an toghchán seo a úsáid nó nár chóir. Má tá amhras ort, moltar duit comhairle a lorg ó chomhairleoir cánach.

Le haghaidh tuilleadh eolas agus coinníollacha, féach:

Má tá tionchar aige seo ort, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncam.

Íocaíochtaí faighte ar an 28 Samhain 2012, nó dá éis

Má tá tú cónaitheach in Éirinn agus má thosaigh tú ag fáil íocaíochtaí ar an 28 Samhain 2012, nó dá éis, beidh siad incháinithe sa Ghearmáin. Má chuir tú an t-ioncam seo san áireamh i do thuairisceáin chánach in Éirinn, aisíocfaidh na Coimisinéirí Ioncaim aon cháin a íocadh air in 2013 agus blianta ina dhiaidh sin.

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach:

Má tá tionchar aige seo ort, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncam ar 01 738 3630.

Ar aghaidh: Cáin ar neamhchónaitheoirí a fhaigheann pinsean