Cáin ar phinsin

Cáin ar neamhchónaitheoirí a fhaigheann pinsean

Is foinsí incháinithe ioncaim in Éirinn iad gach pinsean.

Féadtar a bheith cónaitheach ó thaobh cánach i dtír a bhfuil Comhaontú um Chánachas Dúbailte aici le hÉirinn. Más ea, féadfaidh sé go mbeidh tú in ann díolúine a éileamh nó aisíocaíocht a fháil ar cháin Éireannach ar phinsean Éireannach.

Ní mór duit Foirm IC2 a chomhlánú. Tá treoracha breise ar an bhFoirm IC2 maidir leis an bhfoirm a chomhlánú.

Ní mór duit Aisíocaíochtaí cánach a íocadh i leith Dáileacháin Cistí Scoir Ceadaithe a chomhlánú má tá tú i d’úinéir neamhchónaitheach den mhéid seo:

  • Cistí Scoir Ceadaithe
  • Cuntais Coigiltis Scoir Phearsanta dhílsithe
  • Táirge Pinsin Phearsanta Uile-Eorpach dhílsithe.

Ar aghaidh: Pinsin le díolúine ó cháin