Cáin ar phinsin

Cáin ar phinsin eachtracha

Go hiondúil, is foinsí incháinithe ioncaim in Éirinn iad pinsin eachtracha (lena n-áirítear pinsin de chuid na Ríochta Aontaithe agus na Stát Aontaithe). Tá siad faoi dhliteanas Cánach Ioncaim agus an Mhuirir Shóisialaigh Uilíoch (MSU) ach níl siad faoi dhliteanas Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasta (ÁSPC).

Cén chaoi a mbailítear cáin ar phinsin eachtracha?

Más cáiníocóir Íoca Mar a Thuillir (ÍMAT) thú, ba chóir duit na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas má tá tú ag fáil pinsean eachtrach. Laghdóidh muid na creidmheasanna cánach agus banda ráta bliantúil ar do Dheimhniú Creidmheasanna Cánach chun do phinsean a chur san áireamh.

Má tá tú féinfhostaithe, ní mór duit sonraí ar an bpinsean a chur san áireamh ar do Thuairisceán Cánach Ioncaim (Foirm 11). Ní mór duit an cháin dlite a íoc agus d’íocaíocht Cánach Ioncaim á dhéanamh agat.

Tabhair do d’aire

Níl Pinsin Stáit Eachtracha faoi dhliteanas MSU.

Tá roinnt pinsean eachtrach ann nach bhfuil incháinithe in Éirinn. Mar shampla, pinsin eachtracha ceirde agus slándála sóisialaí nach mbeadh incháinithe má chónaigh an faighteoir sa tír a dheonaigh an pinsean.

Ar aghaidh: Cáin ar phinsin árachais shóisialaigh ón nGearmáin