Cáin ar phinsin
Cáin barrachais inmhuirir
Má sháraíonn do chiste pinsin ag tráth do scoir an Tairseach Ciste Chaighdeánach (TCC), beidh sé faoi dhliteanas cánach barrachais inmhuirir. B'ionann an TCC idir 2014 agus 2025 agus €2 mhilliún. Rinne an tAcht Airgeadais 2024 athruithe ar an TCC, agus tá siad á dtabhairt isteach de réir a chéile ó 2025. Is é seo a leanas luach an TCC i ngach ceann de na blianta measúnachta ábhartha:
- Do 2026, €2.2 milliún
- Do 2027, €2.4 milliún
- Do 2028, €2.6 milliún
- Do 2029, €2.8 milliún.
Do 2030, is suim coigeartaithe a beidh san TCC chun an fás ar an meántuilleamh seachtainiúil idir 2025 agus 2029 a chur san áireamh. Do 2031 agus do na blianta go léir amach romhainn, is é an TCC an ceann is airde den dá fhigiúr seo:
- TCC na bliana roimhe sin
- nó
- Méid coigeartaithe ag cur san áireamh an fás ar an meántuilleamh seachtainiúil idir an bhliain roimhe sin agus an bhliain roimh an mbliain roimhe sin.
Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Pension Manual Chapter 25.
Tá cáin barrchais inmhuirir imfhálaithe, rud a chiallaíonn nach féidir faoiseamh, liúntais ná asbhaintí a chur i bhfeidhm i gcoinne na cánach. Mar sin féin, i gcás go ndéantar cáin a asbhaint ó d'íocaíocht chnapshuime scoir, féadtar an cháin bharrchais inmhuirir a laghdú. Féadtar an méid cánach a íocadh ag an ráta caighdeánach ar an íocaíocht chnapshuime scoir a fhritháireamh i gcoinne an dliteanais cánach barrchais inmhuirir. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach 'Cánachas íocaíochtaí cnapsuime scoir' agus Pension Manual Chapter 27.
Nuair a thagann cáin barrachais inmhuirir chun cinn, ba chóir don riarthóir pinsin an Fhoirm 787S a chomhlánú agus a thíolacadh chuig na Coimisinéirí Ioncaim. Ba chóir an barrachas a íoc taobh istigh de thrí mhí ón deireadh míosa inar tharla an íocaíocht cnapshuim.
Ba chóir do sholáthraithe scéime pinsin agus, nuair is infheidhme, riarthóirí, an cháin barrachais inmhuirir a asbhaint agus í a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim. Ba chóir gach ceist maidir leis an gcnapshuim barrachais agus cáin barrachais inmhuirir a chur chuig: