Cáin ar phinsin

Léargas ginearálta

Is foinsí incháinithe ioncaim iad pinsin phearsanta agus pinsin cheirde. Tá siad faoi réir Cánach Ioncaim agus an Mhuirir Shóisialaigh Uilíoch (MSU). Féadfaidh sé go mbeidh siad faoi dhliteanas Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasta (ÁSPC) chomh maith ar an gcaoi chéanna is atá ioncam fostaíochta. Déanfaidh do sholáthraí pinsin an cháin a asbhaint ó gach íocaíocht a dhéanann siad leat.

Déantar ranníocaíochtaí pinsin a chomhiomlánú idir gach táirge pinsin. Féadfaidh tú ranníocaíocht a dhéanamh le scéim pinsin cheirde agus le pinsean pearsanta. Dá bhrí sin, tá faoiseamh cánach faoi réir iomlán comhcheangailte na ranníocaíochtaí pinsin uile. Deonaítear faoiseamh cánach de réir d’fhachtóra aoischoibhneasa agus faoi réir na tairsí tuillimh €115,000.

Féadfaidh sé go mbeidh ort céimeanna a thógáil chun Seachain Cáin Éigeandála ar phinsin phearsanta.

Ar aghaidh: Cáin ar phinsin eachtracha