Tuairisceán Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) a Thíolacadh

Tabhair do d'aire

Féadfaidh sé go dtiocfaidh do mhaoin de bheith faoi dhliteanas CMÁ den chéad uair in 2024. Más sin an cás, ba chóir duit do mhaoin a luacháil agus do Thuairisceán CMÁ a thíolacadh faoin 01 Nollaig 2023. Mura bhfuil do thuairisceán tíolactha agat go fóill, ba chóir duit é sin a dhéanamh láithreach.

Is é an bealach is éasca chun do Thuairisceán Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) a thíolacadh ná ar líne má tá tú:

  • i d’úinéir ar mhaoin chónaithe in Éirinn
  • ag gníomhú thar ceann úinéir maoine in Éirinn.

Iarrtar ort do Thuairisceán CMÁ a thíolacadh ar líne, seachas le foirm pháipéir, más rud é:

  • go bhfuil do luacháil maoine níos mó ná €1.75 milliún
  • go bhfuil tú faoi dhliteanas CMÁ i leith breis agus maoin amháin
  • gur úsáid tú ceann de sheirbhísí ar líne na gCoimisinéirí Ioncaim cheana
  • gur íoc tú CMÁ ag úsáid ceann de na modhanna íocaíochta athfhilltí, mar shampla, treoir dochair bhliantúil, dochair díreach, nó asbhaint ag an bhfoinse
  • go raibh ort tuairisceáin do chánacha eile (ar nós Cháin Ioncaim) a thíolacadh ar líne cheana.

Cén chaoi le teacht ar an tseirbhís

Féadtar teacht ar an tseirbhís seo trí moChúrsaí nó ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) Mura bhfuil tú cláraithe le haghaidh ceachtar díobh seo cheana féin, féadfaidh tú teacht ar an tseirbhís seo tríd an tseirbhís ar líne don CMÁ.

Chun teacht ar an tseirbhís trí moChúrsaí:

  1. Sínigh isteach ar moChúrsaí.
  2. Cliceáil ar ‘Cáin Mhaoine Áitiúil (CMÁ)' ar an gcárta ‘Seirbhísí Maoine'. 

Chun teacht ar an tseirbhís trí ROS:

  1. Sínigh isteach ar ROS.
  2. Cliceáil ar an nasc ‘Bainistigh Riaráistí CMÁ/MT’ agus tugfar go dtí liosta do mhaoine thú. 
  3. Cliceáil ar an UA Maoine.

Chun teacht ar an tseirbhís go díreach trí CMÁ ar líne:

  1. Cliceáil CMÁ ar líne.
  2. Cuir isteach d’Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP), UA Maoine agus UAP.
  3. Cliceáil 'Logáil Isteach'.

Tuairisceán CMÁ do Mhaoin amháin a thíolacadh

Nuair a fhaigheann tú rochtain ar do thaifead CMÁ, tiocfaidh scáileán aníos dar teideal CMÁ do bhlianta 2022-2025’.

Chun do Thuairisceán CMÁ a chomhlánú agus íocaíocht a shocrú, lean na céimeanna seo:

  1. Cliceáil ar ‘Comhlánaigh do Thuairisceán Maoine’ ag 'Céim 1'.
  2. Comhlánaigh na sonraí uilig don Tuairisceán CMÁ a iarrtar agus cliceáil ar ‘Lean ar aghaidh’ chun d’íocaíocht a shocrú.

Níl ort ach tuairisceán amháin a thíolacadh don tréimhse 2022 go 2025.

Tuairisceáin CMÁ a thíolacadh le haghaidh 2 mhaoin nó suas le 10 maoin

Nuair a fhaigheann tú rochtain ar do thaifid CMÁ, cuirfear an méid a leanas i láthair duit:

  • an tréimhse CMÁ reatha
  • agus
  • liosta de do mhaoine.

Chun do Thuairisceán CMÁ a chomhlánú agus íocaíocht a shocrú, lean na céimeanna seo:

  1. Roghnaigh na ticbhoscaí do na maoine a bhfuil tuairisceáin CMÁ á thíolacadh agat ina leith.
  2. Cliceáil ar ‘tíolaic tuairisceán cánach iomadúla’.

Cuirfear an tréimhse CMÁ reatha i láthair duit ansin ionas gur féidir leat:

  • sonraí an Tuairisceáin CMÁ a chomhlánú do gach ceann de na maoine roghnaithe
  • agus
  • cliceáil ar 'Lean ar aghaidh’.

Ba chóir duit na céimeanna seo a athdhéanamh do gach ceann de do mhaoine a bhfuil tuairisceán CMÁ amuigh ina leith. Níl ort ach tuairisceán amháin a thíolacadh do gach maoin, don tréimhse 2022 go 2025.

Chun tuairisceáin CMÁ a thíolacadh le haghaidh 11 mhaoin nó níos mó, féach Tuairisceáin Chánach Maoine Áitiúla le haghaidh 11 mhaoin nó níos mó a thíolacadh.

Cabhair le do Thuairisceán CMÁ a thíolacadh ar líne

Mínítear san fhíseán gairid seo cén chaoi le do Thuairisceán CMÁ a thíolacadh ar líne.