Préimheanna árachais sláinte

Conas éileamh a dhéanamh

Féadtar úsáid a bhaint as moChúrsaí chun an creidmheas a éileamh má íocann d’fhostóir árachas leighis ar do shon nó ar shon do theaghlaigh. Féadtar éileamh a dhéanamh le linn na bliana nó tar éis dheireadh na bliana.

Chun éileamh a dhéanamh i rith na bliana:

  1. Sínigh isteach ar moChúrsaí.
  2. Cliceáil ar an nasc ‘Bainistigh do cháin don bhliain reatha’ faoi ‘Seirbhísí ÍMAT’.
  3. Roghnaigh ‘Cuir creidmheasanna nua leis’.
  4. Roghnaigh ‘Faoiseamh Árachais Leighis’ faoin gcatagóir ‘Sláinte’.

Chun éileamh a dhéanamh i leith blianta roimhe seo:

  1. Sínigh isteach ar moChúrsaí.
  2. Cliceáil ar an nasc ‘Déan athbhreithniú ar do cháin don 4 bliana roimhe sin’ i 'Seirbhísí ÍMAT'.
  3. Iarr ‘Ráiteas Dliteanais’.
  4. Cliceáil ar ‘Comhlánaigh Tuairisceán Cánach Ioncaim’.
  5. Ar an leathanach ‘Creidmheasanna & Faoisimh Chánach’, roghnaigh ‘Do phost-Creidmheas Cánach Iascairí’ agus cuir leis é mar chreidmheas cánach.
  6. Comhlánaigh an fhoirm agus tíolaic í.

Ní mór duit an méid seo a leanas a sholáthar:

  • An dáta a thosaigh an polasaí.
  • Na daoine atá clúdaithe ar an bpolasaí agus a n-aois
  • Miondealú ar chostas an pholasaí do gach duine.

An tsuim a d’íoc d’fhostóir.


Féadfaidh d'fhostóir costas iomlán do pholasaí, nó cuid de, a íoc. Is féidir le d'fhostóir sonraí an tsuim a d'íoc siad a sholáthar duit. Tá an faoiseamh cánach a fhéadtar a éileamh ó na Coimisinéirí Ioncaim teoranta don mhéid a d'íoc d'fhostóir. Is féidir miondealú ar chostas an pholasaí in aghaidh gach duine faoi árachas a fháil ó do sholáthraí árachais leighis.

Tá liosta d’árachóirí leighis ceadaithe ar fáil ar shuíomh idirlín an Health Insurance Authority (HIA).