Préimheanna árachais sláinte

Faoiseamh Cánach ag an bhFoinse (FCF) suas go dtí 31 Nollaig 2025

Féadfaidh polasaí árachais sláinte costais sláinte a chlúdach:

  • atá incháilithe le haghaidh faoisimh chánach 
  • nach bhfuil incháilithe le haghaidh faoisimh chánach.

Sa chás go bhfuil feidhm leis an méid thuasluaite, d'fhéadfaidh ráta faoisimh chánach níos lú ná an ráta caighdeánach (20%) a bheith i gceist. Suas go dtí an 31 Nollaig 2025:

  • tugtar 'ráta cumaiscthe' ar an ráta seo
  • agus
  • tá sé bunaithe ar an eolas a sholáthraíonn do sholáthraí árachais sláinte do na Coimisinéirí Ioncaim. 

Tá an ráta faoisimh chánach is infheidhme maidir le do pholasaí árachais sláinte suas go dtí an 31 Nollaig 2025 ar fáil ó do sholáthraí árachais sláinte. 

Polasaí do dhuine fásta

Tá faoiseamh ar fáil ag an ráta faoisimh chánach a bhaineann le do pholasaí árachais sláinte ar an méid is lú díobh seo a leanas:

  • costas an pholasaí
  • suas le 20% de €1,000 (suas le creidmheas uasta de €200).

Polasaí do leanbh

Tá faoiseamh ar fáil ag an ráta faoisimh chánach a bhaineann le do pholasaí árachais sláinte ar an méid is lú díobh:

  • costas an pholasaí
  • suas le 20% de €500 (suas le creidmheas uasta de €100).

Ar aghaidh: Conas éileamh a dhéanamh