Préimheanna árachais sláinte

Ró-íocaíochtaí Faoisimh Cánach ag an bhFoinse (FCF) ón 01 Eanáir 2026

Faoiseamh atá ar fáil

Is é an ráta faoisimh chánach is infheidhme maidir le do pholasaí árachais sláinte ón 1 Eanáir ná an ráta caighdeánach cánach (20%). Beidh feidhm aige seo maidir le gach polasaí árachais sláinte a sholáthraíonn clúdach leighis.  Cuirtear i bhfeidhm é ar an gceann is lú, cibé an phréimh a íocadh, nó an uasteorainn is infheidhme. Leis an gcleachtas riaracháin seo, deántar iarracht na nithe seo a leanas a aithint, sé sin go bhfuil:

  • an chuid is mó de na préimheanna árachais sláinte a sholáthraíonn clúdach leighis níos mó ná an teorainn reatha
  • agus
  • i bhformhór na gcásanna, is ionann an phréimh atá ar fáil le haghaidh faoiseamh cánach agus an uasteorainn.

D'fhéadfadh an cleachtas riaracháin seo athrú ag brath ar athruithe i dtreochtaí préimheanna árachais sláinte, méid na huasteorann, agus fachtóirí eile.

Polasaithe do dhaoine fásta

Tá faoiseamh ar fáil ag an ráta caighdeánach cánach (20%) ar an gceann is lú díobh seo a leanas:

  • costas an pholasaí
  • €1,000 (suas le creidmheas uasta de €200).

Polasaithe do leanaí

Tá faoiseamh ar fáil ag an ráta caighdeánach cánach (20%) ar an gceann is lú díobh seo a leanas:

  • costas an pholasaí
  • €500 (suas le creidmheas uasta de €100).

Polasaithe fiaclóireachta

D'fhéadfadh polasaí árachais sláinte costais fiaclóireachta a chlúdach, atá:

  • incháilithe le haghaidh faoisimh ó Cháin Ioncaim faoi Alt 469 den Acht Comhdhlúite Cánacha (ACC), 1997
  • agus
  • nach bhfuil incháilithe le haghaidh faoisimh ó Cháin Ioncaim faoi Alt 469 den ACC, 1997.

I gcás ina gclúdaíonn an polasaí árachais sláinte sochair fiaclóireachta nach bhfuil incháilithe le haghaidh faoisimh Cánach Ioncaim, ní cháilíonn an chuid sin den phréimh le haghaidh FCF. Áirítear leis seo gnáthchóireálacha fiaclóireachta neamhcháilitheacha. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Tax and Duty Manual Part 15-01-14.

Sa chás go bhfuil feidhm leis an méid thuasluaite, d'fhéadfaidh ráta faoisimh chánach níos lú ná an ráta caighdeánach (20%) a bheith i gceist. tugtar 'ráta cumaiscthe' ar an ráta seo. tá sé bunaithe ar an eolas a sholáthraíonn do sholáthraí árachais sláinte do na Coimisinéirí Ioncaim. 

Ar aghaidh: Faoiseamh Cánach ag an bhFoinse (FCF) suas go dtí 31 Nollaig 2025