Préimheanna árachais sláinte

Má íocann d'fhostóir as do phréimh árachais leighis

Má íocann d’fhostóir do phréimh árachais leighis, beidh Faoiseamh Cánach ag an bhFoinse (FCF) faighte ag d’fhostóir mar lascaine ar chostas an pholasaí. Sa chás seo:

  • Beidh cáin dlite ar chostas iomlán an pholasaí.
  • Ní bhfaighidh d’fhostóir aon lascaine FCF mar shochar comhchineáil (SC) trí do phárolla.
  • Féadfaidh sé go bhfuil tú i dteideal faoiseamh i leith Árachas leighis a éileamh.

Éilítear Faoiseamh Árachais Leighis ag an ngnáthráta cánach. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach ar an leathanach ‘Conas éileamh a dhéanamh’.

Ní fhéadtar éileamh a dhéanamh ar Fhaoiseamh Árachais Leighis ach amháin:

  • más rud é go n-íocann d’fhostóir do phréimh árachais
  • agus
  • go ngearrtar cáin ort ar chostas iomlán an fhaoisimh, gan aon asbhaint as an lascaine FCF a dheonaítear do d'fhostóir mar SC trí do phárolla.

Ar aghaidh: Faoiseamh Cánach ag an bhFoinse (FCF)