Préimheanna árachais sláinte

Faoiseamh Cánach ag an bhFoinse (FCF)

Feidhmítear FCF mar lascaine ar gach préimh árachais sláinte. Braitheann an faoiseamh atá ar fáil ar cé acu an do dhuine fásta nó do leanbh an polasaí. Chun críocha an fhaoisimh seo, is éard is leanbh ann ná aon duine aonair faoi bhun 21 bliain d’aois.

Má íocann tú as an bpréimh:

  •  tugtar an FCF mar lascaine ar chostas an pholasaí
  • agus
  • íocann tú costas na préimhe, lúide an lascaine seo, leis an soláthraí árachais sláinte.

Má íocann d'fhostóir as an bpréimh:

  • tugtar an FCF mar lascaine ar chostas an pholasaí
  • agus
  • Íocann d'fhostóir costas na préimhe, lúide an lascaine seo, leis an soláthraí árachais sláinte.

Tá difríocht idir an chaoi a ndeonaítear FCF ar pholasaithe árachais sláinte a sholáthraíonn clúdach leighis roimh an 1 Eanáir 2026 agus ina dhiaidh. 

Roimh an 1 Eanáir 2026, d'fhéadfadh ráta níos lú ná an gnáthráta cánach a bheith i bhfeidhm ar pholasaithe árachais sláinte a sholáthraíonn clúdach leighis áirithe. Bhraithfeadh an ráta níos ísle, má cuireadh i bhfeidhm é, ar an gclúdach leighis a chuir an polasaí árachais sláinte ar fáil duit. Leanfaidh an seasamh ó roimh an 1 Eanáir 2026 de bheith i bhfeidhm maidir le polasaithe árachais sláinte a sholáthraíonn clúdach fiaclóireachta.

Ar aghaidh: Ró-íocaíochtaí Faoisimh Cánach ag an bhFoinse (FCF) ón 01 Eanáir 2026