Fostóirí, Údaráis Áitiúla, gníomhairí CMÁ, staitisticí, reachtaíocht CMÁ

Fostóirí

Asbhaint ag an bhFoinse (AAF)

Féadfaidh úinéir maoine a Cháin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) a íoc óna:

  • tuarastal
  • ó phinsean ceirde.

Féadtar na híocaíochtaí a roinnt thar an mbliain trí AAF.

Tá dualgas ar fhostóirí agus ar sholáthraithe pinsin AAF a chur ar fáil dá bhfostaithe nó do phinsinéirí.

Má roghnaíonn fostaí an rogha íocaíochta seo, cuireann na Coimisinéirí Ioncaim in iúl don fhostóir nó don soláthraí pinsin an méid CMÁ atá le hasbhaint.

Ní mór duitse, mar fhostóir nó mar sholáthraí pinsin, CMÁ a asbhaint, nuair a chuirtear é sin iúl duit. Féadtar treoracha AAF na gCoimisinéirí Ioncaim a eisiúint ag tráth ar bith le linn na bliana. Ní mór gníomhú ar gach fógra.

Asbhaint d'fhostaí nua

Tá dualgas ar fhostóirí fostaíocht nua a chlárú. Tá feidhm leis seo i ngach aon cúinse, seachas sa chás go bhfuil sé seo mar an gcéad fhostaíocht de chuid an fhostaí sa Stát. Féadfaidh tú an fhostaíocht a chlárú trí iarratas ar Fhógra Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim (FPCI) nua don fhostaí sin a thíolacadh.

Tá an próiseas chun fostaithe a thosú agus a scor mar chuid de do ghnáthphróiseas párolla.

Deimhneoidh na Coimisinéirí Ioncaim cé mhéad den CMÁ atá amuigh agus eiseofar FPCI chugat má roghnaíonn an fostaí CMÁ a íoc ón:

  • tuarastal
  • Pinsean ceirde.

Féadfaidh tú asbhaintí ó thuarastal a thosú ina dhiaidh sin. Ba chóir duit na hasbhaintí a roinnt go cothrom thar na laethanta pá atá fágtha don bhliain.

Níor chóir duit CMÁ a asbhaint ó thuarastal fostaí nua go dtí go bhfaigheann tú FPCI don duine sin.

Céard is gá don fhostóir a dhéanamh

Maidir le CMÁ, tá dualgas ar fhostóirí:

  • na híocaíochtaí a asbhaint go cothrom thar na tréimhsí pá go dtí deireadh na bliana
  • gan na hasbhaintí a leasú ná a scor ach amháin má chuireann na Coimisinéirí Ioncaim é sin iúl
  • asbhaintí CMÁ a léiriú ar dhuillín pá fostaithe nó pinsinéirí
  • na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas mura mbeidh ioncam dóthanach ann leis an dliteanas iomlán CMÁ a íoc don bhliain. Féadtar é seo a dhéanamh trí M'Fhiosruithe i moChúrsaí nó trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Coigeartuithe asbhaintí

Ní mór d’úinéir na maoine teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim má tá na hasbhaintí mícheart. Cuirfidh muid ar an eolas thú má bhíonn ort na hasbaintí a athrú.

Déileálfaidh go díreach le húinéir na maoine i dtaca le haon aisíocaíochtaí CMÁ.

Ar aghaidh: Údaráis Áitiúla