Fostóirí, Údaráis Áitiúla, gníomhairí CMÁ, staitisticí, reachtaíocht CMÁ
Gníomhairí don Cháin Maoine Áitiúil (CMÁ)
Féadtar gníomhaire a úsáid chun do chuid tuairisceán CMÁ a thíolacadh agus íocaíochtaí CMÁ a dhéanamh ar do shon. Chun é sin a dhéanamh, ní mór duit a dhearbhú do na Coimisinéirí Ioncaim cén gníomhaire a d’údaraigh tú gníomhú thar do cheann, agus na maoine a bhfuil siad chun gníomhú ina leith. Cun d’údarú a dheimhniú, féadfaidh tú an Fhoirm Fógra um Nasc le Gníomhaire a úsáid.
Féadtar an gníomhaire a údarú chun gníomhú ar do shon le haghaidh:
- do chuid oibleagáidí CMÁ go léir
- nó
- maoine sonraithe amháin.
Más mian leat an gníomhaire a údarú i leith maoine sonraithe amháin, ní mór duit an teimpléad uaslódála bulc a chomhlánú.
Fiosruithe gníomhaire
Ní mór do ghníomhairí teacht ar M’Fhiosruithe trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) más mian leo fiosrú a dhéanamh faoi chúrsaí cánach a gcliant.
Féadfaidh chustaiméirí gnó a bhfuil deimhniú digiteach ROS acu teacht ar M’Fhiosruithe ón gcluaisín ‘Mo Sheirbhísí Féin’ agus ansin ‘Seirbhísí Eile’. Custaiméirí gnó nach bhfuil deimhniú digiteach ROS gníomhach acu, féadfaidh siad clárú le haghaidh moChúrsaí nó ROS.
Níl Uimhir Chláraithe Cánach (UCC) ag teastáil ó ghníomhairí atá bunaithe thar lear chun clárú le haghaidh ROS. Is féidir le gníomhairí atá lonnaithe thar lear clárú le haghaidh ROS ag baint úsáide as a nUimhir Aitheantais Comhairleora Cánach (TAIN).
Ar aghaidh: Staitisticí faoin gCáin Maoine Áitiúil (CMÁ)
Sínigh isteach ar CMÁ ar line
Íoc do CMÁ, tíolaic do thuairisceáin nó priontáil d’admháil le haghaidh íocaíocht ar líne.
-
Foirmeacha gaolmhara
-
Treoir breise