Fostóirí, Údaráis Áitiúla, gníomhairí CMÁ, staitisticí, reachtaíocht CMÁ
Údaráis Áitiúla
Tá socruithe sonracha tíolactha agus íocaíochta ar bun i leith na Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) do na hÚdaráis Áitiúla.
Is gá do gach Údarás Áitiúil na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas ar bhonn leanúnach faoi aon cheann de na maoine seo a leanas:
- maoine a chuirtear lena stoc tithíochta
- maoine a bhaintear óna stoc tithíochta
- díolmhaithe ó CMÁ ina stoc tithíochta.
An bhfuil Údaráis Áitiúla faoi dhliteanas CMÁ?
Tá Údaráis Áitiúla faoi dhliteanas cánach a íoc ar a maoine ar an gcaoi chéanna is a chaithfidh aon úinéir eile maoine cónaithí.
Féadfaidh sé go mbeidh díolúintí i gceist leis na maoine cónaithe ar an gcaoi chéanna is a bheadh le haon mhaoin chónaithe eile.
An bhféadfaidh Údarás Áitiúil costas an CMÁ a chur ar aghaidh chuig tionóntaí i bhfoirm méadú cíosa?
Is faoin Údarás Áitiúil féin atá sé cinneadh a dhéanamh i leith an méid seo a leanas:
- an dliteanas CMÁ a thabhairt ar aghaidh chuig a thionóntaí i bhfoirm méadú cíosa
- nó
- an dliteanas a íoc gan dul in iontaoibh a thionóntaí.
Cén chaoi ar chóir d’Údaráis Áitiúla a maoine cónaithe a luacháil chun críocha CMÁ?
Ba chóir d'Údaráis Áitiúla a gcuid maoine cónaithe go léir a luacháil i mBanda luachála 1:
(€0 – €100k) don dáta dliteanais an 1 Bealtaine 2013
(€0 - €200k) don dáta luachála an 1 Samhain 2021
(€0 - €240k) don dáta luachála an 1 Samhain 2025.
Céard iad na socruithe atá i gceist le maoine cónaithe a ceannaíodh ó údaráis áitiúla?
Má cheannaíonn tú maoin ó Údarás Áitiúil, ní mór duit tuairisceán a thíolacadh agus féinmheasúnú a dhéanamh ar luach na maoine ar an gcéad dáta dliteanais eile (an 1 Samhain, tar éis dháta an cheannaigh).
Chun eolas a fháil maidir le féinmheasúnú a dhéanamh ar luach do mhaoine, féach Do mhaoin a luacháil.
Chun eolas a fháil maidir le Tuairisceán CMÁ a thíolacadh, féach Do thuairisceán CMÁ a thíolacadh.
Ar aghaidh: Comhlachtaí ceadaithe tithíochta
Sínigh isteach ar CMÁ ar líne
Íoc do CMÁ, tíolaic do thuairisceáin nó priontáil d’admháil le haghaidh íocaíocht ar líne.