Feirmeoireacht

Meánú ioncaim

Leis an meánú ioncaim, féadann feirmeoirí cáin a íoc bunaithe ar mheánbhrabúis agus meánchaillteanais feirmeoireachta thar tréimhse cúig bliana. Ciallaíonn sé seo go ngearrtar cáin ar an gcúigiú cuid de bhrabúis i leith tréimhse cúig bliana don bhliain.

Má roghnaíonn tú an meánú seo, ní mór duit fanacht ar an mbonn meánaithe ar feadh íostréimhse cúig bliana. Má fhilleann tú ar an ngnáthbhonn measúnaithe, déanfar athbhreithniú. Déanfaidh muid athbhreithniú ar na blianta measúnaithe roimhe seo agat agus féadfaidh sé go mbeidh gá le coigeartú.

Féadfaidh tú chomh maith roghnú céim siar a thógáil ón meánú ar feadh bliain shingil. Ciallaíonn sé seo go bhféadfaidh sé go n-íocfaidh tú cáin bunaithe ar do bhrabúis iarbhír don bhliain sin. Iarchuirtear an íocaíocht cánach dlite ar na meánbhrabúis chomh maith. 

Tá tuilleadh eolais ar fáil in Averaging of Farm Profits.

Ar aghaidh: Sciarfheirmeoireacht