Feirmeoireacht

Sciarfheirmeoireacht

Féadtar trádáil feirmeoireachta a dhéanamh faoi shocrú sciarfheirmeoireachta. Go hiondúil, tarlaíonn sé seo nuair a reáchtálann dhá pháirtí gnóthais feirmeoireachta ar an talamh céanna gan comhpháirtíocht nó cuideachta a chruthú.

Tugann an dá pháirtí a n-ionchur ar leithligh féin don socrú, coinníonn siad a gcuntais féin agus ríomhann siad a mbrabúis féin ar leithligh mar ghnóthais neamhspleácha. Go hiondúil, is i bhfoirm comhaontuithe i scríbhinn a bhíonn socruithe sciarfheirmeoireachta.