Feirmeoireacht

Céard is feirmeoireacht ann?

Is éard is ciall le feirmeoireacht ná feirmeoireacht a dhéanamh ar thalamh sa Stát a áitítear go hiomlán, nó go príomha, chun críocha fearachais. Folaíonn sé seo:

  • gnáthfheirmeoireacht
  • pórú capall
  • trádáil eallaigh
  • fás torthaí
  • agus
  • aon chineál fearachais, lena mbaineann úsáid a bhaint as talamh nó as a thoradh.

Ní áirítear garraíodóireacht mhargaidh sa sainmhíniú ar fheirmeoireacht chun críocha cánach. Is éard atá i gceist leis seo ná talamh a áitiú mar phlandlann nó mar ghairdín chun táirgí a fhás lena ndíol.

Ar aghaidh: Muirear i leith cánach